Friday, March 28, 2025

Machnamh

De réir mar atá na blianta ag dul thart, (agus tá siad ag imeacht an-sciobtha le blianta beaga anuas, feictear dom), déanaim iarracht gan a bheith cantalach, gan mo racht a ligean amach taobh amuigh de mo bhéal, gan a bheith róchorraithe. Ní hé go gceapaim gur binne béal ina thost, ach tá faoiseamh ar leith ag baint le suaimhneas na socrachta. 

Nuair a bhuail mé le haois an phinsin, chroith mé lámh léi, chuir mé fáilte roimpi agus lena híocaíocht sheachtainiúil. Thug mé faoi deara nach ciall a thagann ina teannta, go minic, ach cibé scéal é, táimse faighte níos séimhe ionam fhéin, ceapaim. Glacaim leis go bhfuil nithe ann nach féidir liom a athrú; gur fearr, in amanna, nithe móra beaga a ligean tharam, agus gur fearr gan deis a thapú gan mo thaighde a bheith déanta agam roimh ré. 

An méid sin ráite, thosaigh mé ag blagáil beagnach fiche bliain ó shin le go mbeadh glór na mná meánaoisí san áireamh i gcumarsáid na Gaeilge, ar líne. Cuireann sé áthas orm go bhfuil mná go leor ag cumarsáid trí mheán na Gaeilge ar líne ar na saolta seo, idir óg agus aosta. Áirím mé fhéin leis na haostaigh, anois, agus táim den bharúil, cibé an bhfuil ciall ann nó as, go bhfuil taithí na mblianta do mo stiúradh na laethanta seo, seachas ualach na mblianta, mar a déarfá. 

Mar sin fhéin, tá nithe a chuireann as dom, fós, ag an tráth seo de mo shaol. Tá comhionannas tábhachtach. Creidim gur ionann muid uilig, go dtagann muid ar an saol le pócaí folmha agus is mar sin a fhágfaidh muid an saol. Ní féidir do mhaoin a thabhairt leat.  Is cuma cé muid fhéin ná cé leis muid, is mar a chéile an toradh ag an tús (breith), agus ag an deireadh (bás).  

Idir an dá linn, an bhreith agus an bás, tá beatha; agus is beatha duine a thoil. Sa tír seo, is lucht dea-thola a bhformhór, ach tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil rudaí ag titim amach le roinnt blianta anuas, thall agus abhus, a chuireann machismo na haimsire caite i gcuimhne dom. Tá lucht leanúna ag na fir seo, réalta iad i súile daoine atá, shílfeá, dall ar chomhionannas agus ar chineáltas.

Nuair a chonaic mé an raic sa Dáil an lá cheana, an easpa measa ar chaon taobh, an easpa ábaltachta theacht ar réiteach gan raic, gan screadaíl, le stuaim agus le guaim, tharraing mé anáil dhomhain dhíomách dhubhach. 

Tá roth an tsaoil ag casadh...

Saturday, March 15, 2025

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024

Bhí scaifte breá d'fhilí inár gcuideachta ag Cúirt Filíochta 2024. Tá cuid de na filí ag freastal ar an gCúirt le blianta fada ach, chuile bhliain, tagann file nua nó dhó chugainn; file, b'fhéidir, atá ag cumadh léi/leis sa mbaile i ngan fhios don saol, nó file, b'fhéidir, a d'aithris dán nó dhó roimhe seo ach nach bhfuil aon aithne fhorleathan curtha againn air/uirthi...fós. 

Cibé fáth a dtagann daoine chuig an gCúirt Filíochta, bíodh filí nó lucht éisteachta ann, is aoibhinn le Proinsias, Bríd agus mé fhéin sibh uilig a fheiceáil agus a chloisteáil, mar is sibhse a thugann beatha agus beocht don Chúirt Filíochta. Aon fhile nua a thagann chugainn, cuirtear fearadh na fáilte roimhe/roimpi, i gcónaí - is iadsan filí na todhchaí agus is iadsan a choinneoidh lóchrann na filíochta Gaeilge beo agus beathach. 

Ár mbuíochas leis na filí uilig, leis an lucht éisteachta, le hOireachtas na Samhna, agus le Foras na Gaeilge as bhur gcuid tacaíochta. Táimid ag súil go mór le sibh uilig a fheiceáil i mBéal Feirste ag tús Mí na Samhna, más é bhur dtoil é, agus tá súil leis na déithe agam nach gcuirfidh na diabhal de chiorruithe seo isteach ar bhorradh agus ar bhláth na filíochta mar a chloistear í ag an gCúirt Filíochta. Ní bláth go síol. 

Agus, más rud gur éirigh linne, freisin, aon lánúin a thabhairt le chéile thar na blianta, is amhlaidh is fearr é! Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní É agus Reic - áthas orm go bhfuil siad ag ceiliúradh deich mbliana a mbunaithe, i mbliana. Gura fada buan iad. 

Cé nach raibh siad in ann bheith i láthair ag an gCúirt Filíochta, sheol Paddy Bushe, Alan Titley agus Brian Ó Conchubhair dánta chugainn le haithris. Táimid fíorbhuíoch díbh, a fheara! 

Seo a leanas na filí a d'aithris ag Cúirt Filíochta 2024 - Mícheál Ó Ruairc, Máire Ní Laoire, Dairena Ní Chinnéide, Eoghan Mac Cormaic, Proinsias Mac a'Bhaird, Christine Jones, Áine Durkin, Cathal Poirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Bríd Ní Mhóráin, Fíona de Buis (ag léamh dán ó pheann a céile, Paddy Bushe), Conchubhar Ó Liatháin, Pádraig Mac Fhearghusa, Máirín Mhic Lochlainn, Seònaid Mac Dhòmhnaill, Dubhán Ó Longáin, Matt Ó Maoinigh, Sibéal Ní Chonghaile, Alastair Mac Cuish, Mícheál Ó Conghaile, Éamann Ó hAisí, Ciara Ní É, Aimeé Ní Chonaing, Iain Ó Leocháin, Aingeal Ní Chonghaile, Áine Ní Ghlinn agus Pádraig Ó Laighin.  



























Ár míle buíochas leo uilig, agus leis an slua mór a bhí sa lucht éisteachta. Más mian leat tuilleadh a léamh faoi na cúirteanna a bhí ann go dtí seo, a léitheoir, is féidir theacht ar chuid de mo sheanbhlagmhíreanna anseo

Friday, March 14, 2025

Seal Le Chéile


Chaith mé maidin thaitneamhach, inné, san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025, bhí teacht le chéile agus gearrscannán eagraithe ag Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, Róise Ní Laifeartaigh. Seachas fear amháin, mná uilig a bhí ann, agus is againn a bhí an chraic agus an comhrá.

  Mé fhéin agus Róise Ní Laifeartaigh

Casadh Róise orm, den chéad uair, nuair a bhí an bheirt againn i mbun céime i Stair agus i Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus is ann a casadh Seán Mór Ó Daimhín orm, freisin. Tháinig Róise mar chomharba ar Sheán mar Oifigeach na Gaeilge leis an gcomhairle, anuraidh. Ach an oiread le Seán Mór, tá a croí istigh i dteanga agus i gcultúr na tíre, agus tá sí mar urlabhraí díograiseach againne, lucht na mbrící lochtacha, chomh maith.  

Mé fhéin agus Bairbre Uí Chathail

Casadh Bairbre Uí Chathail orm ag an Ionad, freisin. Is í Bairbre an Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, agus is maith ann í. Bíonn sí de shíor ag eagrú ócáidí i nGaeilge do mhuintir na háite - Tráth na gCeist, Clubleabhar, Pop-Up Gaeltacht, cúrsaí don té atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú - agus is féidir tuilleadh faoina cuid oibre a léamh anseo.

Bean eile a bhfuil an-mheas agam uirthi na Clíona Ní Ghallchóir (féach thuas). Castar orm í, go rialta, ag Oireachtas na Samhna - áit ar bith inar féidir le Clíona teanga agus cultúr na tíre seo a chur chun cinn, bíonn sí ann, mar sin bhí áthas an tsaoil orm, inné, nuair a chuala mé go bhfuil sí anois fostaithe go lánaimseartha, ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an gClochán Liath, mar Aistritheoir Gaeilge. Bheinn den bharúil nach bhfeicfear aon 'praistriúchán' ag teacht ón mbean óg chumasach chairdiúil seo agus í i mbun a cuid oibre leis an gcomhairle. Go n-éirí go geal léi ina post nua!

Maidir leis an ngearrscannán a chonaiceamar inné, An Trucailín Donn, ní raibh sé feicthe agam roimhe, agus ní raibh an scéal sin (cás cúirte) faoi Niall Mac Giolla Bhrighde ar eolas agam. Go deimhin, ní raibh a fhios agam go raibh Pádraig Mac Piarais mar aturnae aige! Ní raibh a fhios agam, ach an oiread, gurb é Niall a scríobh 'The Hills of Donegal' agus 'Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí' - fear fíorshuimiúil agus is féidir tuilleadh faoina shaol a léamh anseo

Táim fíorbhuíoch do Róise as an gcuireadh, agus do na hearnálacha Gaeilge uilig a chuidíonn liomsa, agus le foghlaimeoirí eile, an teanga a aimsiú agus a úsáid ar bhonn rialta. Ní thuigfidh mé, go brách, an gá leis na ciorruithe seo nuair is léir domsa, le blianta fada anuas, go bhfuil an teanga faoi bhláth agus í faoi chúram na ndaoine thuasluaite agus a leithéidí. Nach é Niall a bheadh bródúil as a gcumas, ach níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an bhfear cróga sin faoi na ciorruithe atá beartaithe don teanga sa lá atá inniu ann.

                                  ********

https://vimeo.com/339348227/d3f70ad007

Thursday, March 13, 2025

Neadió Teilifís Áine


Nead na hOifige

Nead na Cistine

Mar a fheicfidh sibh ó mo sheanbhlagmhíreanna anseo agus ó mo chainéal YouTube anseo, tá dhá theachín éan againn anseo i gCeann Scríbe, le blianta fada anuas. Tá ceamaraí sna tithe beaga, ceann atá ceangailte le teilifís na hoifige, agus ceann atá ceangailte le teilifís na cistine. Ar an gcaoi sin, táimid in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht nó obair na n-éan. 

Ní chuireann éin fúthu i gceann amháin nó i gceann eile de na tithe chuile bhliain, agus cé gur thosaigh meantán mór ar nead a thógáil i nead na cistine anuraidh (féach thuas), níor chríochnaigh sí an jab, ar fáth éigin. 

Chomh luath agus a chloisim gáir chúplála an mheantáin mhóir (meantán mór nó meantán gorm a thógann nead iontu, go hiondúil) coinním súil ar na tithe beaga, trí na teilifíseanna. Sin thuas staid na neadacha, ar maidin. Díreach mar a tharla anuraidh, níl dé ná deatach ar aon obair thógála, fós. Go deimhin, ní fhaca muid aon éan sna tithe beaga fós i mbliana. 

É sin ráite, tá an aimsir sách fuar, fós. Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go dtosaíonn imscrúdú na n-éan ar na tithe am ar bith idir Mí Feabhra agus Mí Bealtaine, agus go bhféadfadh éan tús a chur le nead a thógáil am ar bith idir an dá linn. 

Beidh le feiceáil!

Monday, February 10, 2025

Féile Rua agus Stéibh '25

Is gearr uainn Féile Rua, a léitheoirí, agus is fiú go mór súil a chaitheamh ar an suíomh atá curtha le chéile anseo le go bhfeice sibh clár na n-imeachtaí atá beartaithe acu i mbliana, idir 13-16 Feabhra ar an gCeathrú Rua, ag tosú Déardaoin seo chugainn. 

Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar an oíche, ag 7.00i.n. in Ionad an Oireachtais, Casla (H91 XP6E). 

Beidh mé fhéin ann. Tá amhrán nuachumtha liom ar an ngearrliosta don chraobhchomórtas amhránaíochta a bheidh ar siúl oíche Dé Sathairn.

Táim fíorbhuíoch de Méabh Ní Lochnáin, ceoltóir, cumadóir agus fonnadóir óg as Foirnis i Leitir Mealláin, as a bheith sásta m'amhrán a chasadh dom ar an oíche. Casadh orm í ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, cúpla bliain ó shin (23.00 nóiméad) agus bhí mé an-tógtha léi mar chumadóir, agus mar amhránaí.  Go n-éirí go geal léi ar an oíche, agus leis na hiomaitheoirí uilig. 

Mo bhuíochas, freisin, ag dul don Stiúrthóir Ceoil, Brian Terry Mac Donncha, agus do choiste na féile, as an méid oibre atá déanta acu ar son na rannpháirtithe uilig. Murach iad, agus na heagraíochtaí (Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Pobal Rua) a thugann tacaíocht leanúnach do phobal na Gaeilge, ní bheadh féilte mar seo ann. Go raibh céad míle maith agaibh!

Tá tuilleadh eolais le fáil ag pobalrua@gmail.com nó ag 087 2563317, más mian libh dul i dteagmháil leo.  

Feicfidh mé ann sibh, a chairde. 


Tuesday, February 4, 2025

Bréagadóir

Rinne mé rún ag tús na bliana - bhí mé ag dul an cathú a sheachaint, ní raibh mé ag dul ag breathnú ina threo, ní bheinn ag iarraidh aon fhreagra a fhail uaidh, ní chreidfinn unsa uaidh. Bheadh suaimhneas agam i mo shaol, faoi dheireadh, a dúirt mé liom fhéin. Go dtí seo, tá ag éirí liom. An bhfuilim níos suaimhní? Táim. 

Blianta ó shin, chuir Dennis ceist orainne, scríbhneoirí na Gaeilge thall ar Twitter, cén Ghaeilge a bhí againn ar na scálaí sin ar a seasann duine lena meáchan a mheá. Sheol mise freagra ar ais ar an bpointe - bréagadóir. 

An rud faoin mbréagadóir, is féidir breathnú caol díreach san aghaidh air agus gheobhaidh tú toradh, ar an bpointe. Ach, an í an fhírinne atá sa mhéid atá á léamh agat? Má tá sé ag lagú, a chadhnra ag ídiú, mar shampla, ní féidir brath ar an bhfreagra, an féidir? An bréag atá ann mar sin? Bhuel, má tá an toradh ag titim isteach le mianta an léitheora, seans nach ea, bíodh sé fíor nó ná bíodh. 

Ní fhéadfainn a rá gur teoiric chomhcheilge atá ann, ar ndóigh. Níl intleacht dhaonna ag an scála. Níl ann ach córas, bealach le scéal a insint nó toradh a thabhairt, ag brath ar an meáchan a leagtar air. Ach, má tá an córas lag, mura bhfuil sé in ann an fhírinne a mheá mar is ceart, is faoin duine atá sé an toradh a mheas.

Creideann daoine an rud a thiteann isteach lena meon fhéin, go minic. Fiú más i ngan fhios dó fhéin atá sé sin ag tarlú, mura gcreideann duine an méid a léann sé, nó má chreideann sé chuile fhocal a léann sé, seans go bhfuil meon an duine sách solúbtha gur féidir é a lúbadh, bealach amháin nó bealach eile, le go dtite sé isteach lena meon fhéin. Beag beann ar an bhfírinne.


Monday, January 13, 2025

Féile Pan Cheilteach 2025 - An Gearrliosta

Tá an gearrliosta fógartha, agus tá ríméad orm go bhfuil amhrán nuachumtha liom san áireamh arís i mbliana. 

Is í Gráinne Ní Fhátharta a bheas ag casadh an amhráin 'Fágtha gan Freagraí' dom, agus táim fíorbhuíoch dise, do choiste na féile agus do na hurraitheoirí uilig as a gcuid ionchuir - tugann a leithéidí deis domsa, agus do na cumadóirí eile, beatha a thabhairt dár n-amhrán nuachumtha Gaeilge ar an stáitse i gCeatharlach.

Beidh an comórtas le feiceáil beo ar leathanach na féile ar Facebook, chomh maith. Go raibh céad míle maith agaibh, Bríde agus Emma, as an méid oibre a dhéanann sibh ar ár son, le cinntiú go mbeidh oíche den scoth againn san amharclann i rith an chomórtais. 

Buíochas ar leith chuig Ollie Hennessy, stiúrthóir ceoil na féile agus baill den choiste, a thugann tacaíocht iontach do na hiomaitheoirí uilig, roimh ré agus ar an oíche. 

Cé nach féidir liom bheith i láthair, ó tharla go mbeidh mé thar lear ar an oíche, beidh mo shúile dírithe ar leathanach Facebook ón 8:00 i.n - gúim gach rath ar na hiomaitheoirí uilig! 

Dáta:          Dé Sathairn, 25/1/’25 @ 8i.n.

Ionad:        Amharclann GB Shaw@VISUAL, Ceatharlach.

Moltóirí:    John Spillane, Louise Cantillon agus Shannon Redmond         


                                         Na hAmhráin agus na Cumadóiri:


1.    Damian Mac Gabhann.                    “Aodhla”                             Baile Átha Cliath

2.    Áine Durkin.                                     “Fágtha gan Freagraí”       Conamara/Dún na nGall

3.    Oisín MacCinnéide + micléinn        “B’fhéidir gur Féidir”         GC Ceatharlach

4.    Tony Dunne.                                      “Mise á rá Leat”                   Baile Átha Cliath                    

5.    Paul Kelly.                                        “Ciall agus Réasún”            Baile Átha Cliath

6.    Fergal Canton.                                Banríon Mór Ríoga”            Cill Chainnigh

7.    MJ Mac Pháidín.                            “Ag Fágáil Thú”                     Dún na nGall

8.    Aine Máire Ní Chonchobhair.         “Féileacán”                          An Spidéal, Conamara

9.    Emer O’Flaherty.                            “Stáisiún Traenach”              An Clár

10.  Paul Byrne.                                    “An Biorán 3 Dhath”              Baile Átha Cliath

11.  Éire & Chulainn Ó Faoláin.         “An Gealbhan”                       Loch Garman

12.  Shea Tomkins.                                 “An Áit is Sona”                    Loch Garman

13.  Alanagh Ní Ghríofa.                        “Caill sé féin”                        Conamara

14.  Sharon Ní Chuilbín.                      “Amhrán nad Tonn”                Muigheo   

15.  Caitríona Lane.                              “Ar an Trá Thall”                   Co. na Gaillimhe