Thursday, November 27, 2014

Lá an Altaithe

Bíodh sibh thall nó abhus, sibhse a bheidh ag ceiliúradh an lá seo inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh.

Bainigí sult as bhur lá mór; go raibh sibh uilig i gcuideachta cairde, agus i gcuideachta bhur muintire, saor ó bhuairt, agus ar bhur suaimhneas. 

Sunday, November 23, 2014

Ceart agus Cearta

Blianta ó shin, agus mise ag fás aníos i gCeantar na nOileán, bhí umar uisce ar chúl an tí againn, sa mbaile. Bhí sé déanta as coincréit, nó ábhar éigin mar í, agus ní raibh clúdach air, ar dtús, más buan mo chuimhne, go dtí gur thit cat isteach ann, agus cuireadh clúdach coincréite air ansin, ar fhaitíos na bhfaitíos go leanfadh aon pháiste againn an cat, is dócha...bhí sé domhain, mar umar uisce, an dtuigeann sibh, agus bhí muide beag, 

Bhíodh an tank, mar a thugamar air, lán le huisce sa gheimhreadh, ó tharla neart báistí ann len é a líonadh, ach is minic, sa samhradh, nach mbáfaí luch ann, ná bac le cat ná le páiste, mar nach mbeadh braon báistí ag titim ón spéir agus, dá bhrí sin, ní bhíodh mórán uisce ar fáil le sconnaí an tí a líonadh, ná le folcadán a líonadh, ná le leithreas a shruthlú, go minic. 

Mar gheall air sin, is dóigh liom, bhí mé cúramach le huisce ar feadh mo shaoil, sé sin le rá, níor chuir mé uisce amú, agus bhí mé iontach buíoch, mar atáim fós, go raibh agus go bhfuil uisce le fáil agam, go fial flúirseach; bíodh sé ina gheimhreadh nó ina shamhradh, bíodh báisteach ann nó ná bíodh. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, a léitheoirí, tá a fhios agam nach mise an t-aon duine amháin atá tinn tuirseach den chraic seo uilig...an 'craic' i 'craiceáilte' atá i gceist agam, seachas aon rud a bhaineann le spraoi, an dtuigeann sibh...ach, mar sin féin, tá mo phota amhrais ag cur thar maoil, na laethanta seo. 

lucht na polaitíochta, ar chuile thaobh den scéal, feictear dom, agus táim den bharúil go bhfuil dearmad déanta acu ar 'ceart' agus ar 'cearta'...sé sin le rá, tá siad uilig den bharúil go bhfuil siad féin ceart, beag beann ar chearta aon duine eile. Ní dóigh liom féin go bhfuil sé sin ceart. 

Bíodh meas againn ar a chéile, agus bíodh meas againn ar uisce. Gan iad, ní féidir maireachtáil i gceart.  

Thursday, November 20, 2014

Crosfhocal

Cé nach bhfuil crosfhocal Saol na Gaeilge le fáil níos mó, mar a bhíodh roimhe seo, tá crosfhocal eile ar fáil anois ar tuairisc.ie, crosfhocal d'fhoghlaimeoirí. 

Ar ndóigh, is foghlaimeoirí muid uilig, nach ea? 

Bainigí sult as, a léitheoirí...as an gcrosfhocal, agus as na hailt shuimiúla uilig atá le léamh ar shuíomh tuairisc.ie

Saturday, November 8, 2014

Focail Liom Focail Leat


Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.  

An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' -  Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn. 

Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas. 


Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir?  Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh. 


Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith. 


Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith. 


Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....


Friday, October 17, 2014

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2014

Creid é nó ná creid, is gearr uainn Oireachtas na bliana seo, a léitheoirí, agus, a bhuí le heagrú mo chara, Proinsias Mac a'Bhaird, Sirriam, ahem, Míghníomhach na Cúirte, agus a bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, beidh An Chúirt Filíochta ar siúl arís i mbliana, ag Oireachtas na Samhna, ar an 1 Samhain, in Óstán an Gleneagle i gCill Airne.  

Mar a tharla anuraidh, agus sna blianta roimhe sin, tá barántas na bliana seo seolta ag Proinsias chugam, agus tá an Barántas, agus Deasghnátha na Cúirte, á roinnt agam anseo, thíos, le deis a thabhairt daoibhse, filí na tíre, bhur gcuid dánta a scríobh agus a sheoladh chuig an Sirriam Míghníomhach úd, in am don ócáid mhór. 

Tuilleadh uaim faoin Oireachtas, ó na blianta a chuaigh thart, le léamh sna blagmhíreanna seo

                                             Barántas

Whereas, tá gealghuth Gael ar thaobh thoir-thuaidh Shruth na Maoille fágtha tamall ina thost ag Perdifious Albion..Albain? is go bhfuil sé foraitheanta i gcéin agus i gcóngar nach saoirse a bhlaisfidh dream Dhùn Chailleann go fóill ach daoirse dhearóil dhuairc, maireann go meanmnach Cruithintuaith agus cáil a cine fós.

In ísle agus in íochtar brí atá ár ndeartháireacha agus ár ndeirbhsheathracha thall agus gan de chompord bocht fán acu, in am seo an chruatain ghéir agus an leor lagmhisnigh, ach focail chaoine agus friotal mórmholtach bhaird Inis Ealga na nEas Glan.

Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt i gCill Airne a tionólfar ar an Satharn, 1 Samhain ag 1.00 san iarnón, chun do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh saoirse, garbhchríocha agus áiméar amú.

Tugtha faoi mo lámhsa [le go leor éirí in airde, ardnós áirithe, údarás incheistithe agus úsáid dhomhaíte uaime] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí na bhfógraí Nollag, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Ceathair Déag.  

                                                        PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
                                                                   Sirriam Míghníomhach

God Save Rob Roy!

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann (fada) réidh aici nó aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé / sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé / sí ag léamh!

Seachnófar an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a shocrú ar cad is tubaiste ann. Socrófar an cheist le vóta tromlaigh. Ní aireofar an tSamhail Nua Maoinithe ina thubaiste náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena chuid fianaise, beidh sé de chead ag an ghiúiré é a aoradh is ábhar magaidh a dhéanamh dó. Foilseofar an aoir is fearr sa Sunday World.

Ceadófar éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadófar éirí suas ar bhaill eile an ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh cead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeánfar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannófar go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór na mionghléasanna a sheachaint. Tabharfar creidiúint ar leith d’fhinné a chanfaidh a c(h)uid fianaise i stíl sean-nóis Liatroma.

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Wednesday, October 15, 2014

Féile Pan Cheilteach 2015

An t-am sin den bhliain arís, a chairde - amhrán na hÉireann le roghnú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015 (sonraí san fhógra, thíos) - tá súil agam go n-éireoidh go geal le bhur n-iarrachtaí! 

Tuilleadh uaim, ar ábhar na Féile, ó bhlagmhíreanna a scríobh mé san am a caitheadh, le léamh anseo

'Amhrán na hÉireann le roghnú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015

Tá an comórtas náisiúnta fógartha chun amhrán nua as Gaeilge a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015.  Glór Cheatharlach atá ag reachtáil an chomórtais náisiúnta don cheathrú bhliain as a chéile. Is gá na focail agus an ceol a bheith nua-chumtha agus glacfar le hamhráin traidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre, amhráin rac ceilteach agus eile. Ní foláir na hiarratais a bheith ar dhlúthdhiosca  agus a sheoladh chuig Glór Cheatharlach roimh 5.00i.n. ar an Aoine, 23ú Eanáir 2015.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo os comhair lucht féachana ag an gcomórtas náisiúnta a bheidh ar siúl ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, 7ú Márta, 2015. Beidh IMRO  mar phríomh urra ar an ócáid i gcomhar le Gael Linn. €1,000 agus trófaí an duais don bhuaiteoir chomh maith le dul ar aghaidh ar son na tíre chuig an comórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn na Féile Idirnaisiúnta Pan Cheilteach i nDoire, 7-12 Aibreán 2015.

Is é Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil agus beidh painéal aitheanta i mbun moltóireachta. Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an chur i láthair. Rachaidh amhrán na hÉireann ar aghaidh le bheith in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus An Bhriotáin chun an trófaí agus duais €1,500 a bhuachaint ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015.

Tá rialacha uile agus foirmeacha iarratais an chomórtais náisiúnta ar fáil ar an suíomh greasáin panceltic.ie.  Seol ríomhphost chuig pancelticcarlow@gmail.com nó is féidir glaoch a chur ar oifig Ghlór Cheatharlach ar 059/9158105, 085/1340047 nó 087/2857048.  

Is é an seoladh d’iarratais ar dhlúthdhioscaí roimh 23ú Eanair ná:

An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2015,
Glór Cheatharlach,
Sráid an Choláiste,
Ceatharlach,

Co. Cheatharlach.'

Wednesday, September 17, 2014

Dún na nGall Abú!


Mar is léir, ón ngrianghraf thuas, beidh, ahem, madra an bhaile ag tacú le Dún na nGall, arís i mbliana, agus é ag súil go mór leis an toradh céanna a bhí againn i 2012... ach amháin gurb iad lucht Chiarraí atá le bualadh, an geábh seo

Casadh na fir uaisle seo thíos orm, agus mé ar mo shiúlóid anseo i mBun Cranncha, inné,










Ach, más rud go gceapann sibh, a léitheoirí, gur daoine fásta amháin a bheas ag tacú le Dún na nGall, féach ar an táirge álainn thíos, culaith bheag ghleoite a bheas á caitheamh ag babaí beag gleoite speisialta, Dé Domhnaigh seo chugainn. 



Tá an táirge sin thuas le fáil ach labhairt le Kelly chuidiúil chairdiúil sa Letterkenny Craft and Design Studio, mar a rinne mé féin nuair a d'ordaigh mé an chulaith, an tseachtain seo caite. 

Rinneadh an chulaith go háitiúil, anseo i nDún na nGall, agus tá neart táirgí eile áille áitiúla le feiceáil san áit, gan trácht ar an Moonshine Coffee Shop san fhoirgneamh céanna, áit a bhfaighidh tú greim le hithe, agus cupán caife den chéad scoth. 

Dún na nGall abú!