Saturday, May 14, 2011

An Eoraifís - Mo Rogha

Leis an fhírinne a insint, ní mise an roghnóir buaiteora is fearr, go háirithe nuair is amhráin atá i gceist, ach, mar sin féin, tá a fhios agam céard a thaitníonn liom féin, agus aithním céard a thaitníonn le daoine eile, fiú mura n-aontaím lena rogha i gcónaí.

Tá an liosta seo ag titim isteach le mo rogha féin, ó thaobh rogha 10 de, ach ní mar sin a d’fheicfinn an t-ord, dá mba agamsa amháin a bheadh na vótaí le caitheamh, abair.

Ach, tá níos mó ná vóta amháin i gceist, ar ndóigh, agus níl cead agam vóta a thabhairt do Jedward, mar sin, dá mbeadh vóta amháin le caitheamh ag an mbean/máthair seo, is d’amhrán na Fionlainne a bheinn á thabhairt.

Taitníonn amhrán na hAsarbaiseáine agus amhrán na Danmhairge liom, gan trácht ar amhrán na Fraince, atá eisceachtúil agus éagsúil – ach b’fhéidir gur chuir na geallghlacadóirí an t-amhrán sin chun tosaigh róluath, agus go gceapfaidh vótálaithe go bhfuil sé slán sábháilte mar amhrán, agus go dtabharfaidh siad vóta d'amhrán eile. Hmmm...

Chomh maith leis sin, an bhfaighidh amhrán na Fraince vóta na hóige, rud a gheobhaidh Jedward, seans, lena n-amhrán atá, go dtí seo, curtha sa dara háit ag na geallghlacadóirí? Hmmm…

Tá a fhios agam go mbeidh na daoine óga ag tabhairt vótaí do Jedward, gan dabht, agus chuirfinn geall go ndéanfaidh amhrán na Sualainne agus amhrán na Gearmáine go maith, mar go bhfuil siad tarraingteach mar amhráin, i mo thuairim.

Tuigim go maith go bhfaighidh amhrán na Ríochta Aontaithe, agus amhrán na hEastóine, vótaí ó na vótálaithe óga, cé nach bhfuilim róthugtha dóibh mé féin. Tá siad ócé, ach i gcomparáid leis na hamhráin eile, ní hiad is fearr liom.

Ar aon nós, sin mise agus mo roghasa. Táim cinnte go bhfuil bhur mbarúlacha féin agaibhse, a léitheoirí, sé sin, más rud go bhfuil suim dá laghad agaibh sa chomórtas.

Má tá, bainigí sult as anocht, a chairde.

Mo chuimhne, Jedward Abú!

9 comments:

Colm Mac Fhionnghaile said...

Bhí siad den chéad scoth nach raibh?! Is mór an trua nár éirigh leo sa dheireadh, ach mar sin féin d'iarraidh go maith leo

Mise Áine said...

Rinne siad go hiontach, a Choilm!

Agus, thaitin amhrán na hAsarbaiseáine liom, caithfidh mé a rá.

Agus an vótáil sin - suimiúil, nach raibh!

Colm Mac Fhionnghaile said...

Hmm boladh na polaitíochta mar an chéanna achan bhliain, ach ní féidir a bheith chomh searbh, tugann na daoine cois dorais 12 pointe dúinn i gcónaí haha

ormondo said...

Agus an "falang Slavach" ag malartú na vótaí idir a chéile ba bheag an seans a bhí ag na hiarrthóirí eile!

Ní raibh aithne agam ar Jedward roimh ré ach bhí siad go hiontach ar fad. Is cosúil le "páirc siamsaíochta" ar an stáitse iad. Spraoi agus beogacht gan a dhath de chrá ann. Cuireann siad Disneyland i gcuimhne dom ar chaoi éigin.

Mise Áine said...

@ boladh na polaitíochta
agus
@ ag malartú na vótaí idir a chéile

'geo-political voting' a chuala mé mar ainm air, ar an raidió ar maidin. Níl a fhios agam an féidir a dhath a dhéanamh faoina leithéid, ach ceapaim go n-éireoidh go maith leis an amhrán is fearr, is cuma ann nó as don 'block voting' sin - ainm eile a chuala mé ar an raidió!

John said...

Fuair Jedward vóta na nAstrálach, a Áine: http://www.broadsheet.ie/2011/05/16/jedward-win-australiavision/

Is léir go n-aithníonn siad ceol maith thíos ansin!

Mise Áine said...

Suimiúil, a John - agus fuair amhrán na hAsarbaineáine an vóta is lú uatha!

John said...

Ag breathnú siar ar na torthaí sin, Áine, déarfainn go raibh tionchar níos láidre ag líon na n-imirceach san Astráil seachas a sofaisticiúlacht sa cheol!!!

Mise Áine said...

B'fhéidir é...;-)