Tuesday, June 19, 2012

Ní Rámhaille ach Racht

Ní aon ionadh, arsa mé féin liom féin ar maidin, go bhfuil an tír sa phraiseach ina bhfuil sí, más rud go bhfuilimid ag brath ar na bainc le muid a choinneáil ar an mbóthar ceart.

Le bheith féaráilte, bhí an ceart ag an mbanc mo chárta creidmheasa a chealú arú inné - bhí cleasaí áit éigin ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as, i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh. Is maith ann an tseirbhís a thugann ‘unusual activity’ ar chárta creidmheasa faoi deara in am, agus nach ligean leis, ar mhaithe leis an gcustaiméir. Ach, agus seo fáth mo rachta inniu, chealaigh an banc an cárta i ngan fhios domsa, freisin. 

Cuireadh stop le mo chárta uair amháin eile, díreach sula ndeachaigh mé ar laethanta saoire, anuraidh, ach thug mé an ‘stop’ sin faoi deara in am le cárta nua a fháil – náire an domhain orm i siopa áitiúil nuair nár oibrigh an cárta dom!  Pé scéal é, rinne mé gearán leis an mbanc an lá sin, ní mar gheall gur cuireadh stop leis an gcárta, (unusual activity, arís eile) ach mar gheall nár chuir siad mise ar an eolas faoin stop. Thóg siad m’uimhir fón póca an t-am sin, agus gealladh dom go bhfaighinn téacs, dá dtarlódh aon unusual activity arís, le deis a thabhairt dom an cás a phlé leo, nó cárta nua a fháil uathu, an dtuigeann sibh.  

Ar maidin, ar an bhfón, rinne mé iarracht ar tháirge a íoc le mo chárta creidmheasa, agus bhí mé náirithe, arís eile, nuair nach n-oibreodh an cárta dom. Chuir mé scairt ar an mbanc. Leathuair i ndiaidh dom tús a chur le mo ghlaoch, gach duine acu do mo chur ó rannóg amháin go rannóg eile, fuair mé amach, ó dhuine den fraud squad, gur cuireadh stop leis an gcárta arú inné, mar gheall ar unusual activity a tugadh faoi deara. Chuaigh an comhrá rud éigin mar a leanas:

Mise: I have no problem with the fact that you put a stop on the card, due to the unusual activity that was detected. It is a brilliant service, and I appreciate that you managed to stop the illegal transaction, but why wasn’t I informed?

Banc: We did contact you.

Mise: When?

Banc: We sent you a text message at 4.49pm on the 17th.

Mise: I’m just looking through my phone inbox here, and I received no text from you on that date.  What number did you send it to?

Banc: 086-XXXXXXX. Isn’t that your mobile number?

Mise: Yes, it is. Where are you based?

Banc: We’re based in the UK.

Mise: You need an international code before my number then, you know?

Banc: I know that.

Mise: I’m not suggesting that you don’t, but you need to use the correct code, in order for me to get the text...

Ní bhfuair mise aon téacs. Banc mór idirnáisiúnta, a léitheoirí. Osna, agus osna eile uaim…

7 comments:

aonghus said...

Tuigim duit. Tharlódh áfach nach bhfuil an banc ciontach. Ní seirbhís iontaofa téacs, níl barántas go seolfaí chugat é. Ar a laghad níl tú - mar shampla - gafa sa Pholainn gan modh íocaíochta!

Mise Áine said...

Tuigim é sin, a Aonghuis, ach cén fáth nár cuireadh an uimhir isteach sa chóras agus an cód ceart leis! Sin mo phointe..:-)

aonghus said...

Oh! Tuigim. Ach ní dhéanfainn talamh slán de nár úsáideadh an córas ceart. Bheadh fhios ag an gcóras tú bheith in Éirinn. Ach cá bhfios.

Mise Áine said...

Bhí m'uimhir fón baile acu, freisin, ach diabhal teachtaireacht a fágadh ansin, ach an oiread.

Ah bhuel, tá cárta nua sa phost, gealladh dom...

Fearn said...

Ná déan dearmad ar an mbiúró seo a Áine: http://www.financialombudsman.ie/


Is fiú sonc a thabhairt i dtólamh!

ormondo said...

"Ní Rámhaille ach Racht"

Ní hionracas go racht...

Ní mholfainn d'éinne atá ag dul ar thuras fada a mhuinín a chur i gcartaí amháin.

Fadhb eile í an stiall mhaighnéadach mar a fuair mise amach uair amháin.

Mise Áine said...

@ Is fiú sonc a thabhairt i dtólamh!

Go raibh maith agat, a Fhearn, agus aontaím leat. Is fearr súil a choinneáil ar an gcóras, le go mbeidh córas sasúil againn - lá éigin!

@ Ormondo

Ní bhraithfinn ar chárta go brách - tá mo cheacht foghlamtha agam ón gcéad uair a cealú mo chárta orm - ach, mar sin féin, níl sé ceart cárta a chealú i ngan fhios don chustaiméir, shílfeá - go háirithe nuair nach ndearna an custaiméir a dhath as bealach! Bhí mo shonraí teagmhála acu...