Monday, October 22, 2012

Cúirt Filíochta ag an Oireachtas


Mar a tharla anuraidh, agus arú anuraidh, beidh mé ag freastal ar an Oireachtas i mbliana, tá súil agam. Is i Leitir Ceanainn a bheidh na himeachtaí ar siúl, agus táim ag súil go mór leo.

A bhuí, arís, lenár mBard féin, Proinsias, an fear a chuaigh i mbun eagraíochta ar an ócáid, agus a sheol Barántas chun cúirte chugam le déanaí, beidh an Chúirt Filíochta ar siúl ag 1:00 i.n. ar an Satharn, i Seomra Glencar, in Óstán an Mount Errigal.

Beidh ar na scríbhneoirí a bheidh i láthair ár gcuid ‘fianaise a thabhairt i dtaobh cluichí, cleasaíocht agus i dtaobh na ceardaíochta féin’ dar leis an mBarántas. Agus iarradh orainne, ‘nach de bhunadh Chlann Chonaill’ sinn, ahem, ár ‘móid measa a ghlacadh do Jim McGuinness agus d’fhoireann buacach Dhún na nGall.’ Hmmm…

Chuaigh mé i mbun pinn ar an bpointe, agus anois tá trí dhán beagnach réidh agam le go mbeidh deis agam m'fhianaise féin a roinnt leis an gCúirt: Jimmy na Míle Scór, Caoineadh Sheáin Chuinn agus Iníon.

Más mian libh mo mheas, nó, ahem, mo dhímheas a chloisteáil, agus saothair na scríbhneoirí eile a chloisteáil chomh maith nó, ahem, chomh dona/dána céanna, mholfainn daoibh bualadh isteach chuig an gCúirt Filíochta úd in Óstán an Mount Errigal, ar an 3ú lá de Mhí na Samhna; nó, mar a thug Proinsias ar an mí, ina Bharántas, ar an 3ú lá de ‘mhí na nDuilleog Dreoite….’

Más mian leat féin ‘finné’ a thabhairt ag an gCúirt, a léitheoir, téigh i dteagmháil le Proinsias ag proinsias ag arainnmhor ponc com, agus seans go bhfaighidh tú do Bharántas, agus cóip de ‘Deasghnátha na Cúirte,’ ina bhfuil scríofa, go sábhála ár gCé sinn uilig, rud éigin faoi ‘cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné!

2 comments:

John said...

Éad orm. Bain sult as an gCúirt. Faraor, ní bheidh mé ag freastal. Ach beidh mé ag súil le léirmheas ón bhféile anseo go luath.

Mise Áine said...

@ ag súil le léirmheas ón bhféile

Má bhíonn am agam, a John!