Tuesday, January 8, 2013

Beatha nó Bás Teanga?


Bhí cruinniú agam inné leis an Roinn Coimirce Sóisialaí – bhí Cárta Seirbhísí Poiblí nua le fáil agam, faoin gclár oibre nua SAFE atá bunaithe acu anois, agus bhí litir faighte agam ón Roinn, an tseachtain seo caite, ag deimhniú go raibh coinne agam leo inniu, san oifig áitiúil nua atá anseo i mBun Cranncha.

Isteach liom, le mo ghruaig nite agus m’aghaidh smidte (bhí, ahem, grianghraf le tógáil, an dtuigeann sibh, don chárta nua), shiúil mé anonn go dtí an deasc fáiltithe, áit a raibh duine den fhoireann ina sheasamh, agus dúirt mé leis,

‘Tá coinne agam anseo inniu. Cá rachaidh mé le haghaidh mo chárta nua a fháil, le do thoil?’

Ba léir nár thuig sé focal uaim.

‘Have you any Irish?’ a d’fhiafraigh mé féin, le go dtuigfeadh sé nach teanga iasachta a bhí á labhairt agam leis, an dtuigeann sibh. Ní raibh Gaeilge aige, dar leis, ach, le bheith féaráilte, nuair a mhínigh mé, as Béarla, fáth mo choinne, rinne an fear bocht iarracht mo theanga dhúchais a labhairt liom, agus dúirt,

‘Suí síos, behind you.

Rud a rinne mé, agus d’fhan mé ansin, gur ghlaoigh fear eile orm, fear na gcártaí nua. Thosaigh mé ag labhairt Gaeilge leis-sean, ach ní raibh ach ‘a little’ aige, gan a dhóthain aige, dar leis, le gnó na gcártaí a dhéanamh liom trí mheán na Gaeilge.

Just as a matter of interest…’ arsa mé féin leis, ‘…is there anyone available here today who could deal with my SAFE registration through the medium of Irish?’

Ní raibh. Thosaigh an clár oibre nua dhá mhí ó shin, más buan mo thuiscint uaidh, agus tá deichniúr as an rannóg áitiúil traenáilte leis an gcóras nua a chur i bhfeidhm, ach ní bheadh oiread is duine amháin acu in ann an gnó nua a dhéanamh i nGaeilge liom, más fíor.

An é nach bhfuil pobal na Gaeilge ag labhairt i nGaeilge sách minic sna hoifigí poiblí ar fud na tíre, le go gcaithfidh an rialtas seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil ina n-oifigí poiblí, nó an é nach bhfuil fostaithe le Gaeilge le fáil ag an rialtas?

Ach, ní drochscéal amach is amach atá anseo, a léitheoirí. Cé nach raibh a fhios agam é go dtí go raibh mé réidh le himeacht, agus an jab uilig déanta i mBéarla idir mé féin agus fear na gcártaí/ceamara, dá mba mhian liom é, is cosúil, bheadh siad in ann aistritheoir a chur ar fáil. Hmmm...

4 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

fiú agus mé ag plé le lucht cánach bíonn fadhbanna ann muna bhfuil a'an bhean le Gaeilge' ann. Tá mé sa rannóg cánach 'do Ghaeilgeoirí'. Cad a tharlós nuair a éiríonn 'an bhean le Gaeilge' as a post ar ball ...

Mise Áine said...

Níl a fhios agam, a chara!

Aistritheoir, b'fhéidir..:-)

ormondo said...

Timpeallacht Creatlaí i gcomhair Fíordheimhniú Caighdeáin / Standard Authentication Framework Environment: cé, in ainm Dé, a chruthaigh an téarma Frankensteineach-Meamraiméiseach sin?

(Tá timpeallacht Chreatlaí i gcontae an Chláir.)

Mise Áine said...

Níl a fhios agam, a Fhearghuis!

Aistritheoir, b'fhéidir..:-)