Thursday, January 31, 2013

Oíche na Féile Bríde


Mar a scríobh mé arú anuraidh, a léitheoirí, anocht Oíche na Féile Bríde.

Níl anseo uaimse ach meam beag, le cur i gcuimhne daoibh, más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh Bratach Bhríde a bheith agaibh i mbliana, go gcaithfidh sibh bhur mbratach, (píosa d’éadach bán) a ullmhú inniu, sa chaoi go mbeidh sí réidh agaibh in am, len í a chrochadh taobh amuigh den doras anocht. 

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ahem, sí an bhratach, chan aon Bhríd, atá le crochadh, an dtuigeann sibh.  

Beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine agus, deirtear, na ‘powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat. 

Deirtear, freisin, go mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, ach Bratach Bhríde a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach.

Go n-éirí go geal le bhur mochéirí! 

2 comments:

Lorcán said...

An-deas, agus déanfaidh mé ! (cé nach mbíonn mórán drúcht sa clós coincréite deiridh i lár cathrach agam !)

Mise Áine said...

Mo bhrat amuigh agam féin anois, a Lorcáin..:-)