Monday, June 24, 2013

Neadió Teilifís Áine

Aiféala orm, a chairde, ach bhain moill dom agus mé ag iarraidh go mbeadh an físeán is déanaí agaibh, ach tá sé le fáil anois, ar YouTube anseo, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Bhí na meantáin mhóra, agus na meantáin mhóra bheaga, gnóthach, mar a fheicfidh sibh. 

Pé scéal é, is fearr go mall ná go brách, mar a deirtear. Mo chuimhne, tá giota beag suimiúil, maidir leis an bhfocal sin 'brách', ag Dennis, mo chomhbhlagálaí, le léamh anseo

Ó tharla go raibh mé as blag, nó as baile, le seachtain nó dhó nó trí, nílim bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú ar an mblagsféar, ná lena bhfuil ag tarlú thall ar Gaeilge Amháin ar Facebook, ach sin mar a bhíonn an scéal, go minic, nuair a bhíonn barraíocht idir lámha ag an duine nach bhfuil ag déanamh tada ag an am céanna. Feictear dom. 

Ah bhuel, sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí, agus an rud a deir an saol, is fíor é. Cibé faoin seanfhocal sin, creidim i bhfocail an tseanfhocail eile, tóg d'am, mairfidh an saol i do dhiaidh; agus tá bá nach beag agam leis an seanfhocal a deir, ní luas do dhuine é féin a thachtadh. (Seanfhocla Chonnacht; ceannteideal 'Deifir')

Mar sin, beidh mo ghreim á chogaint go maith agam agus, ar an gcaoi sin, ní thachtfar mé. tá súil agam. Idir an dá linn, bainigí sult as an bhfíseán, a chairde. 

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

Mairfidh an saol, cinnte. Maith thú as na héiníní agus na blúiríní.

Mise Áine said...

@ Maith thú as na héiníní agus na blúiríní.

Go raibh maith agat, a Réaltán. Bhain mé an-sult as comhluadar na n-éan. Tá an teachín éan, agus an teilifís, díomhaoin anois..:-)