Sunday, October 13, 2013

Cúirt Filíochta an Oireachtais 2013

Mar a scríobh mé cheana, a léitheoirí, is ócáid bhliantúil í an Chúirt Filíochta ag an Oireachtas anois, ó chuir ár Sirriam Gníomhach féin, Proinsias Mac A'Bhaird, tús leis, mar ócáid neamhfhoirmiúil, i gCill Airne, sa bhliain 2010, am nach raibh ach 8 file i láthair, go dtí anuraidh i Leitir Ceanainn, áit a raibh 15 file ag aithris a gcuid dánta - mé féin agus Proinsias ina measc ag ól fíona ag aithris dán nó dhó muid féin.

Cuirfear fáilte roimh fhilí aitheanta agus roimh fhilí nua, roimh dhánta nuachumtha nó roimh dhánta fadscríofa, mar is iondúil, dar leis an ríomhphost a fuair mé ó Phroinsias an lá cheana. Bíonn an t-atmaisféar neamhfhoirmiúil spraíúil, rud a fhágann go mbíonn craic go leor againn, agus muid ag éisteacht le dánta a chéile. Anuraidh, bhí teilgeoir eagraithe ag Proinsias, agus bhí deis ag na rannpháirtithe a gcuid dánta a sheoladh chuig an Sirriam uasal roimh ré, rud a d'fhág go raibh an lucht éisteachta in ann na focail a fheiceáil agus a chloisteáil ag an am céanna. 

Más mian le haon duine agaibh go mbeadh dán libh ar taispeáint ar scáileán agus sibh i mbun aithrise, nó más mian le héinne agaibh bheith páirteach san ócáid i mbliana, seol d'ainm agus cóip de do dhán chuig Proinsias ag pmacabhaird ag gmail ponc com, roimh an 28 Deireadh Fómhair, le bhur dtoil. Cuirtear fáilte roimh lucht éisteachta, chomh maith céanna, a léitheoirí, agus, a bhuí le hurraíocht ó Foras na Gaeilge, beidh greim bia agus deoch le fáil, ach fios a bheith againn, roimh ré, cé mhéad duine a bheidh ag glacadh páirte, mura miste libh. 

Ní bheidh brú ar aon duine dán nua a chumadh, ach má tá aon duine ag iarraidh téama, tá 'briathra nach gcloistear go minic/glórtha arbh fhearr a bheith ina dtost' roghnaithe ag an Sirriam-Iontach-Gníomhach, mar a fheicfidh sibh óna Bharántas thíos. Tá, ahem, Deasghnátha na Cúirte le léamh agat, freisin, nuair a bheidh an Barántas- iontach-dáiríre leite agat, a léitheoir, le go mbeidh a fhios agat faoi, ahem, rialacha dochta daingne na Cúirte, mar atá siad leagtha síos ag Proinsias.  

Beidh an Chúirt Filíochta ar siúl ag an Oireachtas i gCill Airne,  i Seomra Inis Faithleann, in Óstán Gleneagle, ag 1.00 i.n., ar an Satharn, 2 Samhain - feicfidh mé ann sibh! 


Barántas
  
Whereas, tá seaninstitiúidí ársa Inse Fáil díomhaoin dreoite
dearóil, maireann Seanad Éireann fós. Labharfaidh fáithe
fadradharcacha na fírinne feasta ó hallaí Theach Laighin ach dálta
a gcairde éigseacha easurramacha atá ar uairibh easnamhach .i.
baird agus filí Bhanbha, an dtabharfar cluas dá gcuid
binnbhriathra feasta?

Tá sé mar dhualgas sollúnta orainne mar sin, muid a
shaothraíonn na mbriathra nach gcloistear is nach léitear ach go
hannamh is nach gceannaítear ach go fíorannamh, borradh úr a
chur faoinár gcumadóireacht is faoinár gcleasaíocht focal. Muna
bhfuil gall, gael nó bréag-ghael sásta éisteacht linn, bímis -dálta
seanadóirí sárchumasacha Inis Ealga -ag éisteacht lena chéile.
Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag
Cúirt i gCill Airne a tionólfar ar an Satharn, 2 Samhain ag 1.00
san iarnón, chun do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh bhriathra
nach gcloistear agus béalsaothar arbh fhearr a bheith ina thost.

Tugtha faoi mo lámhsa [le go leor éirí in airde agus ardnós
áirithe] ar an lá seo, an deichiú lá de mhí na nDuilleog Dreoite,
Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Trí Déag.

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
Sirriam Gníomhach 

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann (fada agus leadránach) réidh aici nó aige ar eagla barraíocht spraoi a bheith le sonrú i measc na rannpháirtithe.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé / sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé / sí ag léamh!

Seachnófar an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a shocrú ar cad is tubaiste ann. Socrófar an cheist le vóta tromlaigh.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena c(h)uid fianaise, beidh sé de chead ag an ghiúiré é / í a aoradh is ábhar magaidh a dhéanamh dó/di. Foilseofar an aoir is fearr sa Mirror on Sunday.

Ceadófar éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadófar éirí suas ar bhaill eile an ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh cead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeánfar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannófar leo go cuirtéiseach. Tá cead ag finné deoch a cheannach d’oifigeach Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór na mionghléasanna a sheachaint. Tabharfar creidiúint ar leith d’fhinné a chanfaidh a c(h)uid fianaise i stíl seannóis.

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

No comments: