Monday, April 29, 2013

Neadió Teilifís Áine

Bhí mé as baile le coicís anuas (bhí mé i mBostún agus i Niagara Falls - tuilleadh faoi sin amach anseo), ach táim ar ais i gCeann Scríbe ó inné, agus tá áthas orm a rá go bhfuil nead á tógáil sa teachín éan! 
Bhí An Garraíodóir do mo choinneáil ar an eolas faoi gheáitsíocht na n-éan, ó tharla eisean abhus nuair a bhí mise thall, agus chuir sé físeán nó dhó chugam, le go bhfeicfinn an meantán mór i mbun a chuid oibre, ag tógáil neide; ach, mar atá le feiceáil agaibh ó na grianghraif, is meantán gorm atá sa nead anois.
Go deimhin, tháinig an meantán mór ar ais inniu, agus thosaigh sé ag cóiriú neide, ansin d'imigh sé arís, agus tháinig an meantán gorm ar ais. Ní thuigim céard atá ar bun acu, nó cé acu a bheidh ann i ndeireadh na neide, agus is cuma liom, ar bhealach - tá nead sa teachín éan, agus táim ag súil go mór go mbeidh ubh nó dhó ann, freisin. Beidh le feiceáil, a chairde. 


Friday, April 19, 2013

I mBostún

I láthair na huaire, táim i mBostún, ag breathnú ar an teilifís, i gcistin mo dheirféar.

Táim anseo le lá breithe mór-le-rá a cheiliúradh le mo mhuintir, ach tá sé deacair aon cheo a cheiliúradh, agus mé ag breathnú ar an teilifís le roinnt laethanta anuas, aréir agus ar maidin.

Tá sé deacair na nithe seo a tharla a chreidiúint. Tá sé níos deacra fós iad a thuiscint.

Friday, April 12, 2013

Neadió Teilifís Áine

Mar a bhí le feiceáil ón mblagmhír a scríobh mé ar an 15ú Márta, bhí cuairteoirí go leor ag teacht chuig an teachín éan, ach ní raibh fonn ar aon éan acu nead a thógáil, ba chosúil. 
Ar m'fhilleadh dom go Ceann Scríbe aréir, tar éis dom bheith i gCeatharlach, agus ina dhiaidh sin i nGaillimh, chonaic mé an radharc sin thuas ar mo theilifís. Tá tús curtha le nead, shílfeá, a léitheoir. 
Thóg mé an grianghraf thuas roimh am lóin inniu, agus ní raibh aon athrú ar an scéal ó inné, ach thóg mé an grianghraf seo a leanas tar éis am lóin inniu...
...agus is léir go bhfuiil athrú tagtha ag an scéal ó tógadh an chéad ghrianghraf ar maidin - wúhúúúúú! - arsa mé féin liom féin. Ach, an meantán gorm nó meantán mór atá i mbun na hoibre, meas tú?
Bhuel, cibé éan atá ag obair go dian ó mhaidin, is meantán gorm a chonaic mé istigh sa teachín ní ba luaithe inniu, mar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas. 
Níl mórán oibre eile déanta ó shin, shílfeá, ón méid atá le feiceáil ón ngrianghraf sin thuas, ceann a thóg mé anois díreach. B'fhéidir go bhfuil an t-éan bocht tuirseach, théis a lá oibre. 

Tuilleadh ar an ábhar uaim amach anseo, agus tuilleadh tógála ón éan, tá súil agam. 

Monday, April 8, 2013

As Baile Sa mBaile



I láthair na huaire, táim i gCeantar na nOileán, in áit nach bhfuil leathanbhanda ar fáil agam an t-am ar fad, mar sin maithigí dom mo mhoill ag teacht ar ais chugaibh, a léitheoirí. 

Bhí am an-deas againn i gCeatharlach, agus táim buíoch díbh uilig as na beannachtaí a sheol sibh chugainn, don amhrán Le Do Thaobh. Mo chuimhne, agus ó tharla gur cuireadh ceist orm faoi seo, tá leaganacha den amhrán le fáil ar Amazon MP3, Spotify agus iTunes, chomh fada agus is eol dom. Déan cuardach leis na focail 'Le Do Thaobh' agus tiocfaidh sibh air, seans. 

Mar atá le feiceáil agaibh ón scórchlár thuas, níor éirigh linn an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a thabhairt linn, ach oíche ar dóigh a bhí ann, agus bhí na duaiseanna tuillte acu siúd a bhuaigh sa chomórtas sin agus, go deimhin, i chuile chomórtas i rith na féile – comhghairdeachas ó chroí leo uilig, agus le chuile dhuine a ghlac páirt sna comórtais a eagraíodh don fhéile.   

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le coistí na Féile chomh maith céanna, mar bhí clár iontach curtha le chéile acu, agus bhain mé sult nach beag as an méid a chonaic agus a chuala mé agus mé thíos ann.

Ní amháin sin, ach chaith an coiste áitiúil go hiontach liom am ar bith ar labhair mé leo ar an bhfón nó ag an bhféile; daoine uaisle cumasacha fáilteacha iad, daoine a dhéanann gach uile iarracht ar chultúir, ar theangacha agus ar thraidisiúin na gCeilteach a choinneáil beo beathach. Molaim go hard na spéire iad, agus tá áthas orm gur éirigh liom bualadh leo uilig i gCeatharlach.  

Mo chuimhne, bhí Ollie Hennessy, stiúrthóir an cheoil, agus a chomhghleacaithe, ag obair go dian i rith an ama, ag cinntiú go mbeadh an fhuaim agus an fhís mar ba chóir ar an stáitse, agus rinne siad jab iontach, caithfidh mé a rá – maith sibh, a fheara!

D’fhan mé sa Talbot Carlow, óstán atá i Co. Laois, creid é nó ná creid, agus bhí na hoibrithe ansin thar barr ar fad – Magda sa bhialann, Stephen sa bheár, agus Lisa ag an bhfáiltiú, na daoine ar leith a thug mé faoi deara ann. Cén fáth? Mar gheall ar an gcaoi ar chaith siad linn. Bhí siad cumasach agus cairdiúil, agus b'amhlaidh le hoibrithe na bialainne ann, ag an mbricfeasta, maidin lá arna mhárach.

Is cuma cén áit a dtéim, bíonn daoine sa chúlra ag obair go dian, agus bíonn comhghleacaithe acu a chaitheann go hiontach leis an bpobal. Ach, mar a thug mé faoi deara agus mé ag plé le hoibrí nó dhó i mBus Éireann an tseachtain seo caite, tá oibrithe ann a chaitheann go tuirsiúil cuma-liomach leis an bpobal, chomh maith céanna. Ach, ní raibh a leithéidí romham i gCeatharlach - maith sibh uilig, a chairde! 

Agus, go raibh céad míle maith agaibh. Beidh mé ar ais libh arís.


Wednesday, April 3, 2013

Le Do Thaobh Ar an mBóthar

Sea, tá mé féin agus Seoirse ar an mbóthar arís, an bheirt againn, agus ár gcomhluadar, ar ár mbealach chuig an 42ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach, áit a mbeidh ár n-amhrán, Le Do Thaobh, ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann, sa Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach, ag 7.00 i.n. amárach, Déardaoin. 

Tá PDF de chlár na féile le fáil anseo agus, mar a fheicfidh sibh, tá clár iontach curtha le chéile ag coiste na féile, le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar theangacha na gCeilteach as An Bhriotáin, Éirinn, Albain, Corn na Breataine, An Bhreatain Bheag, agus An Mhanainn. Beidh ceol, damhsa, amhránaíocht, scéalaíocht, ceardlanna, ealaín, spórt, filíocht, cuideachta agus craic go leor ann. 

Táim ag súil go mór leis an gcraic uilig, a léitheoirí. Beidh mé ar ais libh ar ball beag. 

Monday, April 1, 2013

Ar Shála na Provos

Seans gur chuala cuid agaibh go raibh fadhb leis an Provo seo, ach tá carr nua eile ar na bacáin agus beidh sé linn, gan mhoill. Beidh an carr nua, an Carra, á sheoladh go luath.

An rud is suntasaí faoin gcarr nua seo ná go bhfuil sé dírithe ar an nGaeilgeoir; nó, b’fhéidir gur cirte dom a rá go bhfuil an carr seo dírithe ar an duine sin atá, ar a laghad, in ann Gaeilge a thuiscint. Aon áit sa charr a mbeadh Béarla le feiceáil go hiondúil, is focal nó focail Ghaeilge a bheidh le feiceáil i.e. ‘ola’ in áit ‘oil’- ‘km/su’ in áit ‘km/h’ – ‘SRBH’ in áit ‘SERV’ agus ‘CCF’ in áit ‘ABS,’ mar shampla.

Tagann loingsat iontach leis an gcarr nua. Tráthúil go leor, ‘AnSeo’ an t-ainm atá ar an loingsat, agus tá aipeanna go leor istigh leis cheana féin. Ceann a thaitníonn go mór liom féin ná an ceann a thugann deis duit an chanúint is fearr leat féin a roghnú, le go mbeidh tú in ann na treoracha a chloisteáil i nGaeilge, ar ndóigh, ach go mbeidh tú in ann iad a chloisteáil sa chanúint sin is fearr leat féin; agus is féidir leat glór mná nó glór fir a roghnú le bheith do threorú.

An mbeadh fear ar bith sásta glór mná a chloisteáil dá threorú? Ceist mhaith! Ach, bheadh an rogha sin aige, pé scéal é, agus is maith ann an comhionannas; rud a thuigeann déantóirí an chairr seo go maith, is cosúil.  

Tá triomadóir gruaige ionsuite ar an deais, agus chomh luath is a stopann an carr ag soilsí tráchta, mar shampla, tagann scáthán amach, go huathoibríoch, as an roth stiúrtha, díreach ar aghaidh an tiománaí. Ag an am ceannann céanna, osclaíonn drár beag amach ó lár an rotha stiúrtha, áit ar féidir le tiománaí a chuid/cuid smidigh, nó a chíor ghruaige, a fhágáil, le go mbeadh fáil aige/aici orthu, in am an riachtanais.

Ar ndóigh, tá sibh ann a déarfadh go bhfuil an carr seo dírithe ar mhná, ach go háirithe – agus ar lucht labhartha na Gaeilge - ach táim féin den bharúil go bhfeilfeadh an carr seo d’amadán ar bith, is cuma cén teanga a labhraíonn an t-amadán sin.