Friday, January 17, 2014

Aithne agus Eolas

Is léir, domsa ar aon nós, go bhfuil eolas agus aithne mhaith ag mo dhream féin orm - tháinig na bronntanais seo a leanas ó chuid acu um Nollaig seo:

 Óltóir an Fhíona
Catghráthóir
Focalghráthóir
Lastóir Coinnle
Léitheoir na Leabhar
Doirteoir an Chaife
Tóraí...
...Chonamara. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí,  ón leabhar Seanfhocla Chonnacht

Aithnítear cara i gcruatan. (Cairdeas)

Má tá tú ar lorg carad gan locht, beidh tú gan charaid go deo. (Cairdeas)

Ní bhfuair an carrachán caraid ab fhearr ná a mháthair. (Clann)

Ar mo mheisce nó ar mo chéill,  d'aithneoinn mo dhuine féin. (Cairdeas)

Is fearr comharsa ná saibhreas. (Comharsa)

As a dtoradh a aithnítear na crainn. (Dúchas)

3 comments:

Indrek said...

Is leatsa atá an t-ádh mar sin, a Áine! Tá na coinnle sin a fuair tú ar fheabhas ar fad agus iad ar aon chuma le Clochán na bhFomhórach. :) Is é an fáth ar thug mé suntas dóibh gur cóngarach don áit sin, i bPort Rois, a bhí cónaí orm tráth.

Anonymous said...

Is breá liom na coinnle sin! Earra dhéanta in Éirinn freisin. Is maith linn freisin na peanna sin as Dún na nGall a ndearna tú trácht orthu tamall ó shin.
Bíonn tú ag tabhairt lámh chúnta do dhéantúsaíocht na hÉireann!

Mise Áine said...

@ Indrek

Is maith liomsa na coinnle, freisin! Thaitin Clochán na bhFomhórach go mór liom nuair a bhí mé ann, agus chuir na coinnle an t-am sin i gcuimhne domsa, chomh maith céanna.

@ gasuirlegaeilge

Ar scáth a chéile..;-)