Thursday, January 9, 2014

Focail Liom Focail Leat

Ó am go chéile, feicim focail atá aistrithe ón mBéarla go Gaeilge, ach nach n-insíonn a scéal dom, mar a déarfá. Mar shampla, na focail grán rósta do popcorn - mar a scríobh mé i mo thrácht anseo, b'fhearr liom féin pléascórn; focal féinchumtha, ar ndóigh, ach focal intuigthe, mar sin féin, feictear dom. 

Seans go bhfuil an focal féinchumtha é fhéin féinchumtha, freisin, ach beatha teanga í a mhúnlú, nuair a fheileann sé, cheapfá. Mar a fheictear ón nuafhocal sin, is féidir seanfhocal a athrú timpeall, chomh maith céanna, i mo thuairim, nuair is gá. Tá, ahem, cead an chumadóra seo agaibh, a chairde, más mian libh a leithéidí a dhéanamh amach anseo.  

An focal atá ag dó na geirbe agam na laethanta seo ná an focal sin haischlib, focal atá le fáil sna foclóirí nua fearacht focal.ie, agus foclóir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal Béarla sin hashtagAr ndóigh, ní saineolaí mise ar bhunús an fhocail, ach rith sé liom go mbeadh focal mar ábhará níos feiliúnaí don chomharthasin, comhartha a chuirtear roimh fhocal ar Twitter, mar shampla, nuair atá ábhar faoi chaibidil, nó faoi , ann mar a déarfá. 

Chonaic mé an nath cainte sneak peek thall ar Twitter le déanaí, agus rith sé liom nach bhfuil, chomh fada agus is eol dom, aon nath dá mhacasamhail againn i nGaeilge, an bhfuil? Mura bhfuil, agus mura bhfuil ceann ag aon duine agaibh le roinnt linn anseo, nó ar Twitter, nó ar shuíomh Gaeilge Amháin thall ar Facebook  a léitheoirí, céard bhur mbarúil faoi gliúc glic, nó gíoc slíocach,  nó fiú réamhradharc rúnda?
Is buaine port ná glór na n-éan, 
 Is buaine focal ná toice an tsaoil. 

3 comments:

Anonymous said...

Téarma grana é "grán rósta" nach bhfuil a chiall ró-shoiléir fiú.á Nach bhfuil iliomad cineál gráin ann seachas an t-arbhar? B'fhearr liom féin an lomiasacht "popcorn", sílim.

Anonymous said...

_sneak peek_: spléachadh? Tuigim nach ndéanann sé rím áfach :-(

Mise Áine said...

@ ollamhollscoile

Bhí beirt leaids óga anseo tráth, déagóirí le Gaeilge, agus d'fhiafraigh mé díobh an raibh siad ag iarraidh 'pléascórn' - thuig siad mé ar an bpointe. Is fearr liom féin focal Gaeilge (sórt!) a chumadh, seachas lomiasacht a úsáid, nuair is féidir 'ciall' a bhaint as an bhfocal nuachumtha.

@ gasuirlegaeilge

Níl a dhath cearr le 'spléachadh' a chara..:-)

Thall ar 'Gaeilge Amháin' tugadh an focal 'diúc' dom, mar fhocal atá acu ar 'sneak peek' i nDoire. Níl a dhath cearr leis an bhfocal sin ach oiread..:-)

Mo chuimhne, tá an Dómhnallach agus mé féin ag éisteacht leis an amhrán sin ó do bhlag. Gheobhaidh tú aischothú uaim, nuair a bheidh deis agam, a chara.