Friday, October 17, 2014

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2014

Creid é nó ná creid, is gearr uainn Oireachtas na bliana seo, a léitheoirí, agus, a bhuí le heagrú mo chara, Proinsias Mac a'Bhaird, Sirriam, ahem, Míghníomhach na Cúirte, agus a bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, beidh An Chúirt Filíochta ar siúl arís i mbliana, ag Oireachtas na Samhna, ar an 1 Samhain, in Óstán an Gleneagle i gCill Airne.  

Mar a tharla anuraidh, agus sna blianta roimhe sin, tá barántas na bliana seo seolta ag Proinsias chugam, agus tá an Barántas, agus Deasghnátha na Cúirte, á roinnt agam anseo, thíos, le deis a thabhairt daoibhse, filí na tíre, bhur gcuid dánta a scríobh agus a sheoladh chuig an Sirriam Míghníomhach úd, in am don ócáid mhór. 

Tuilleadh uaim faoin Oireachtas, ó na blianta a chuaigh thart, le léamh sna blagmhíreanna seo

                                             Barántas

Whereas, tá gealghuth Gael ar thaobh thoir-thuaidh Shruth na Maoille fágtha tamall ina thost ag Perdifious Albion..Albain? is go bhfuil sé foraitheanta i gcéin agus i gcóngar nach saoirse a bhlaisfidh dream Dhùn Chailleann go fóill ach daoirse dhearóil dhuairc, maireann go meanmnach Cruithintuaith agus cáil a cine fós.

In ísle agus in íochtar brí atá ár ndeartháireacha agus ár ndeirbhsheathracha thall agus gan de chompord bocht fán acu, in am seo an chruatain ghéir agus an leor lagmhisnigh, ach focail chaoine agus friotal mórmholtach bhaird Inis Ealga na nEas Glan.

Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt i gCill Airne a tionólfar ar an Satharn, 1 Samhain ag 1.00 san iarnón, chun do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh saoirse, garbhchríocha agus áiméar amú.

Tugtha faoi mo lámhsa [le go leor éirí in airde, ardnós áirithe, údarás incheistithe agus úsáid dhomhaíte uaime] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí na bhfógraí Nollag, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Ceathair Déag.  

                                                        PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
                                                                   Sirriam Míghníomhach

God Save Rob Roy!

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann (fada) réidh aici nó aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé / sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé / sí ag léamh!

Seachnófar an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a shocrú ar cad is tubaiste ann. Socrófar an cheist le vóta tromlaigh. Ní aireofar an tSamhail Nua Maoinithe ina thubaiste náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena chuid fianaise, beidh sé de chead ag an ghiúiré é a aoradh is ábhar magaidh a dhéanamh dó. Foilseofar an aoir is fearr sa Sunday World.

Ceadófar éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadófar éirí suas ar bhaill eile an ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh cead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeánfar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannófar go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór na mionghléasanna a sheachaint. Tabharfar creidiúint ar leith d’fhinné a chanfaidh a c(h)uid fianaise i stíl sean-nóis Liatroma.

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

2 comments:

ormondo said...

Go mbaine tú sult as!

Mise Áine said...

Ní raibh mé ann i mbliana, faraor..:-(