Friday, November 28, 2014

Bronntanas Uait?

Mar a rinne mé anuraidh (féach anseo), tá roinnt smaointe le roinnt agam libh, maidir le bronntanais, nó cártaí i nGaeilge, a d'fhéadfadh sibh a cheannacht don Nollaig, a chairde. 

Tá na táirgí uilig déanta in Éirinn, chomh fada agus is eol dom, agus i gcásanna ar leith, is féidir libh leagan Gaeilge de bhur dteachtaireacht féin a fháil ar an táirge, más mian libh. 

Tá suíomh idirlín ag an iris Ireland's Own anois, agus is féidir leat síntiús a ghlacadh leo, más mian leat an iris a thabhairt mar bhronntanas leanúnach, mar a déarfá - 3 mhí, 6 mhí, bliain - nó, d'fhéadfá síntiús bliana a ghlacadh leis an iris Nós, nó leis an iris Comhar, nó leis An tUltach, ach íoc ar líne anseo

Is féidir An Fáinne agus táirgí eile a fháil ag siopa.gael-linn, earraí agus cártaí a fheiceáil ar shuíomh Siopa Cultúr, dearbhán a fháil ón Siopa Leabhar, cárta pearsantaithe a fháil ó Smaointe.com, nó féach ar shuíomh Cártaí Rúbaí, nó ar shuíomh An Siopa Gaeilge, nó ar shuíomh Siopa.ie le cártaí Nollag deasa a fheiceáil. 

Is maith liom féin duaisbhannaí a cheannacht mar bhronntanas d'ócáidí ar leith, agus is féidir 4 cinn acu a fháil ar €25, in Oifigí an Phoist ar fud na tíre, nó ar líne, mar a fheicfidh sibh anseo

Is aoibhinn liom siopaí ceardaíochta, agus tá ceann iontach i Leitir Ceanainn, an Letterkenny Crafts and Design Studio, áit ar cheannaigh mé bronntanas nó dhó i mbliana (féach bun an leathanaigh anseo); mar shampla, tá earraí Féiliceán Designs, agus Mullingar Pewter, agus Parkgate Crafts, agus Simon's Wood Craft, le fáil ann - tá bronntanais na Nollag sórtáilte a'm! 

Go deimhin, b'fhiú dul i dteagmháil le Kelly sa cheardlann, dá mba mhian leat táirge pearsantaithe i nGaeilge a fháil - nílim cinnte an bhfuil Gaeilge aici féin, ach tá sí iontach cuidiúil, agus beidh sí in ann táirgí, le Gaeilge scríofa orthu, a aimsiú nó a ordú duit, mar a rinne sí domsa.  

Ar ndóigh, ná déan dearmad ar fhoilsitheoirí na Gaeilge, Futa Fata, agus Cló Iar-Chonnacht, agus Gaelchultúr, agus Coiscéim, agus Litríocht, agus Cló Mhaigh Eo, agus An tSnáthaid Mhór, agus tuilleadh seachas iad le feiceáil anseo - leabhair agus dlúthdhíoscaí na Gaeilge - bronntanais dheasa, gan dabht. 

Níl ansin thuas uaim ach liosta gairid, a léitheoirí; na smaointe a rith liom inniu, agus an Nollaig ag druidim linn. 

No comments: