Wednesday, April 22, 2015

Bye, bye, bye, bye, bye...

Le roinnt seachtainí anuas, tá fógra ar an teilifís atá do mo chur sna trithí ag gáire, agus do mo chur soir, ag an am céanna. 

Cén fáth?

Bhuel, go dtí gur chuala mé an diabhal fógra sin, 'As Irish As Never Wanting To Be The First To Hang-up,' (tá tuilleadh acu sa tsraith 'As Irish As..,' ón ollmhargadh céanna, le feiceáil anseo), níor thug mé faoi deara go raibh sé de nós ag na Gaeil a labhraíonn Béarla, an 'bye, bye, bye, bye, bye...' sin a rá ag deireadh ghlao gutháin.  

Ach, cloisim anois é! Chuile lá beo, ó chuile dhuine beo a bhíonns ar an bhfón taobh liom...an 'bye, bye, bye, bye, bye...' sin á rá acu, amhail is nach ndéanfadh 'bye' amháin an duine atá ar an taobh eile den líne, duine atá ag rá 'bye, bye, bye, bye, bye...' iad féin, freisin, chuile sheans. 

Pé scéal é, rith sé liom, ar maidin, go bhfuilim chun deireadh a chur le mo 'bye, bye, bye, bye, bye...' féin; as seo amach, is cuma cén teanga a bheas á labhairt agam, táim chun 'slán, slán, slán, slán...' a rá ag deireadh mo ghlao agus, ar an gcaoi sin, ar a laghad, beidh mé chomh Gaelach leis na Gaeil a labhraíonn Gaeilge!