Tuesday, April 21, 2015

Focail Féilire

Seo a leanas na focail atá ar m'fhéilire deisce ar maidin:

'Every man is guilty of all the good he didn't do.' 

Ní imreoir é an t-iománaí ar an gclaí. 

Tagann an leagan Béarla sin thuas ó Voltaire, feictear dom, agus is uaim féin an leagan Gaeilge. 

Fuair mé na cinn seo thíos ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is minic duine ag dul amú agus solas aige. (Aire)

Faigheann an t-airgead aire. (Aire)

Is uaisle beart ná briathar. (Caint)

Ní líonann beannacht bolg. (Caint)

Iomlán na lámha le chéile. (Cúnamh)

Ná cuirtear an rún ar ceal ná an gníomh ar cairde. (Moill)

1 comment:

Anonymous said...

"Ní líonann beannacht bolg"--is maith liom an ceann seo. D'fhéadfaí an rud céanna a mhaíomh i gcúrsaí polaitíochta, go deimhin.