Monday, May 25, 2015

Focail Féilire

Béalchrábhadh - réamhchlaonadh le naomhluan.

Hypocrisy - prejudice with a halo. 

Chuile sheans go bhfuil bhur leagan féin agaibh, a léitheoirí, ach sin thuas an leagan Gaeilge a rith liom féin, agus na focail á léamh agam, ar maidin. 

Ambrose Bierce a scríobh an leagan Béarla, más fíor, agus bhí neart le rá aige, más fíor an méid atá le léamh anseo.  

Is maith liom an t-athfhriotal seo uaidh...

'Sweater, n. garment worn by child when its mother is feeling chilly.'

...gan trácht ar an míniú a thugann sé dúinn ar...

'Cabbage, a familiar kitchen-garden vegetable about as large and wise as a man's head.'

Tá ábhar gáirí go leor sa saol, a léitheoirí...bainigí sult as! 

1 comment:

aonghus said...

Is breá liom seirbhe Bierce. Rinne Breandán Ó hEithir leagan Gaeilge d'Fhoclóir an Diabhail i gComhar ach níor éirigh liom teacht ar an t-ábhar fós.