Thursday, May 21, 2015

No! in aghaidh No!

Níl baint ag an bpíosa seo leis an reifreann amárach, a léitheoirí, ach chuir an méid a léigh mé anseo, ar tuairisc.ie, ó Bhridget Bhreathnach, chuir sé modh oibre an tí seo i gcuimhne dom; modh oibre as ar bhain mé féin agus é féin úsáid, ahem, go cúramach, agus páistí s'againne ag fás aníos...fadó, fadó, fadó. 

'No! for a No!' a thugamar ar an gcur chuige seo, nuair a bhí na páistí an-óg, ach bhí orainn a bheith iontach cúramach leis, mar chur chuige, sa chaoi is nach muid féin, mar thuismitheoirí, a bheadh thíos leis an 'margadh' a bhí déanta againn leo.

Margadh simplí a bhí ann, an dtuigeann sibh...dá ndéarfadh aon duine againn 'No!' leis an duine eile, (páiste le tuismitheoir/tuismitheoir le páiste...chan tuismitheoir le tuismitheoir, ar fhaitíos aon, ahem, mhíthuiscint, a léitheoir) bhí orainn glacadh leis an 'No!' sin, mar fhreagra, ach bhí an 'No!' sin i dó phóca agat, mar a déarfá - cead agat é a thabhairt ar ais don fhreagróir, am ar bith a d'fheilfeadh duit féin.

Mar shampla, dá bhfiafróinn de dhuine de na páistí na soithí a ní, agus dá ndéarfadh an páiste sin 'No!' liom, déarfainn leis an bpáiste sin, 'That's okay, but I'm owed a 'No!' and I'll save it for later.' Choinneofá an 'No!' sin ar leataobh, go dtí go raibh an páiste ag iarraidh gar mór míllteach (píosa eile de cháca milis nó, b'fhéidir, ag iarraidh ort milseáin a cheannach sa siopa) agus déarfá leis an bpáiste, 'Remember that 'No!' I'm owed...'

Ar ndóigh, mar thuismitheoirí, bhí orainn a bheith an-chúramach faoinár 'No!'anna féin, sé sin le rá, gan iad a úsáid, mar fhreagra...riamh! Agus, lena chinntiú nach dtiocfadh 'No!' as ár mbéal, i ngan fhios dúinn, chinneamar gan freagra diúltach a thabhairt dóibh, dá bhfiafródh aon dune acu gar orainn, ach 'I'll discuss it with your mother/father, and get back to you.' a rá...i gcónaí! Chuaigh an tseift sin chun sochair dúinn, mar thuismitheoirí. 

Níor mhair an cur chuige 'No! in aghaidh No"' i bhfad, mar ba ghearr gur thuig na páistí nárbh fhiú dóibh 'No!' a rá, nuair a bhí jabanna beaga le déanamh, mar gurb iad féin a bheadh thíos leis, i ndeireadh na dála. Bíonn cácaí agus milseáin milis, an dtuigeann sibh, mar aon le 'síocháin agus comhoibriú.' 

Tá sé deacair an daonlathas a shárú, a léitheoirí.

No comments: