Sunday, September 27, 2015

Amú San Aistriúchán?


Fada nó dhó ar iarraidh ón bhfógra seo, meas tú, fógra a chonaic mé anseo i mBun Cranncha le déanaí?  Ssiúráilte, bhfuil tú? 

Tuilleadh fógraí mar iad le feiceáil anseo, ar tuairisc.ie. 

Níl sé i gceist agam go gceapfadh sibh go bhfuilim ag caitheamh anuas ar an FSS, mar nílim, ach ní thuigim, ar chor ar bith, cén chaoi a dtarlaíonn botúin mar seo, nuair atá córas agus céatadán ar leith leagtha síos ag Foras na Gaeilge d'aistritheoirí, céatadán nár éirigh liom féin a fháil, fadó. 

An é go mbaineann comhlachtaí an stáit úsáid as aistritheoirí nach bhfuil ar liosta Fhoras na Gaeilge? 

Nó, meas tú an 'botún cló' atá i gceist? Hmmm...

No comments: