Sunday, January 31, 2016

Nós nó Nóisean

I láthair na huaire, táim ag glanadh tí, ó bhun go barr, nós a thosaigh mé, théis na Nollag, roinnt blianta ó shin, nuair a bhogamar go Ceann Scríbe. Ní hé (ar fhaitíos aon, ahem, mhíthuiscint, a léitheoirí) nach nglanaim an teach go rialta, ach seo sciúradh ar leith...ceann a thugaim don teach, i Mí Eanáir, chuile bhliain.

B'fhéidir nach bhfuil ann ach nóisean agam, ceann a bhuail mé ag an am sin ó tharla teach nua tógtha againn, ach, mar sin féin, tá sé de nós agam tabhairt faoin sciúradh an mhí seo, chuile bliain...seachas mar a dhéanann daoine eile, mar a déarfá; iad siúd a thugann, go bliantúil, faoi ghlanadh an earraigh...glanadh an gheimhridh atá ar bun agamsa, is dócha.

Pé scéal é, is mór an mhaith go bhfuil áiléar breá mór anseo i gCeann Scríbe, mar is ann, faraor, a chuirtear an stuif uilig as nach mbainim, nó as nár bhain mé, úsáid rialta an bhliain seo caite...ach amháin an truflais agus na giuirléidí -  ag brath ar an chuma a bhí orthu, tá siad sin san araid rothaí anois, nó ag siopa carthanais áitiúil.   

Na laethanta seo, táim ag glanadh oifig an tí - tugaim oifig ar an áit ina bhfuil sé de nós agam bheith ag scríobh agus ag léamh; thabharfadh daoine eile seomra gloine nó grianán air, seans - agus tá cartadh nach beag á dhéanamh agam istigh ann. Is mór an mhaith go bhfuil an t-áiléar chomh mór is atá sé, mar is ann atá na leabhair agus comhaid uilig á gcur, i mboscaí plaisteacha trédhearcacha, le go mbeidh fáil éasca agam orthu, (agus ar aon cheo atá istigh iontu) má théim ar a dtóir, amach anseo. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, agus ó tharla gurb iad na smaointe seo a rith liom inné, agus mé i mbun mo chuid oibre, thug mé faoi deara go bhfuil nós nó dhó eile agam, nósanna nach sean-nósanna iad, ach nósanna a bhaineann le mo nóisin féin, mar a déarfá. 

Scríobh mé cheana faoi Na Boscaí Sin, ach tá sé de nós agam, má chloisim aon rá, ráiteas nó ráiteachas a théann i bhfeidhm orm, ag teacht ó dhuine éigin i mo chomhluadar, tá sé de nós agam greim a fháil ar an leabhar nótaí is gaire dom, agus an t-athfhriotal a bhreacadh síos ann; an t-am a dúradh é, an áit a dúradh é, agus cé a dúirt é. 

Tháinig mé ar charnán de na leabhair nótaí sin, inné, agus d'oscail mé ceann acu, go fánach. Ar an leathanach ar leith seo, bhí an líne seo scríofa agam, 

'When people die, we forget their bad points - we should do that when they're alive.'

Iníon liom a dúirt liom é, cúig bliana ó shin, i siopa i nDoire. Ní cuimhin liom comhthéacs an chomhrá, ach nárbh deas an nós a bheadh ann, dá ndéanfadh chuile dhuine amhlaidh.

No comments: