Wednesday, July 6, 2016

Ag Blagáil Faoi Bhlagáil

'Meiteabhlagáil' an focal a d'úsáid Aonghus, thall ar Twitter, nuair a scríobh mé ann go raibh blagmhír ar ábhar na blagála á scríobh agam. Ní focal é 'meiteabhlagáil' a bhí ar eolas agam, ach tá focal nua foghlamtha agam anois, a léitheoirí, mar is minic liom, ó thosaigh mé ar an gcraic seo.

Go deimhin, is mar fhoghlaimeoir a thosaigh mé ar an mblagáil, an chéad lá riamh. 2007 a bhí ann, agus bhí céim i Litríocht na Gaeilge díreach críochnaithe agam, in Ollscoil Uladh, agus bhí mé ar tí cúrsa i Scileanna Teilifíse a dhéanamh san Acadamh i nGaoth Dobhair.

Le críochnú na céime, agus ó tharla mé i mo chónaí i gceantar Galltachta, bhí faitíos orm go gcaillfinn a raibh foghlamtha agam de ghramadach na Gaeilge. Luaigh mé mo bhuairt intinne le cara liom - bean chliste chiallmhar a raibh grá, taithí agus tuiscint nach beag aici ar mheáin shóisialta na Gaeilge - agus ise a mhol dom tús a chur le blag i nGaeilge. Rinne mé amhlaidh, agus táim ag blagáil liom ó shin. Bíodh gorta nó cóisir ann (agus is minic mo bhlag ina thost), táim fós ag blagáil. Táim fós ag foghlaim. 

Tá na Blog Awards Ireland ann, arís, i mbliana, agus tá catagóir ar leith ann don 'Irish Language Blog,' mar a bhí anuraidh, agus arú anuraidh, más buan mo chuimhne. Fuair mé ainmniúchán arís i mbliana - go raibh céad míle maith agat, cibé duine a mhol mo bhlag! - ach níor chuir mé iarratas isteach, fiú théis ríomhphost nó dhó a fháil ón lucht eagraithe. Tá fáth leis sin. 

Chuir mé ríomhphost buíochais ar ais chucu; dúirt mé leo nach mbeinn páirteach i mbliana, ach go raibh súil agam go n-éireodh go geal leo uilig. Fuair mé ríomhphost i mBéarla ar ais, ag fiafraigh díom an raibh fáth ar leith nach raibh mé sásta bheith páirteach. Thosaigh an ríomhphost le 'Dear Mise,' Chonaic mé áit na leathphingine, arís. Thuig mé féin mo chás. 

An méid sin ráite, is cuma, mar ní duais a bhí mar aidhm agamsa nuair a thosaigh mé ag blagáil. Mar a scríobh mé anseo, roinnt mhaith blianta ó shin, 

'A fhad is go bhfuilimse anseo in bhur gcuideachta, ag roinnt mo smaointe, ag roinnt mo thuairimí, ag roinnt eolais ar theanga agus ar chúrsaí an tsaoil, mar a thuigim féin iad, agus mé á dhéanamh sin i nGaeilge, ní bheidh meirg ag teacht ar mo theanga, ná ormsa.'

Murach sibhse, a léitheoirí, ní bheinn anseo, ag rámhaillí liom. Táim fíor bhuíoch as an deis, trí mo bhlag, bheith in bhur gcuideachta, ag foghlaim, agus ag cuidiú le foghlaimeoirí, tá súil agam. 

Sin mo dhuais. 

No comments: