Sunday, July 9, 2017

Alcól agus an Dlí

Bím i mo shuí go luath ar maidin. Téim ag siúl luath go leor, agus tá sé de nós agam mo chuid siopadóireacht a dhéanamh, san ollmhargadh, ar mo bhealach abhaile. Bíonn liosta agam, go hiondúil, ach, níos minice ná a mhalairt, ceannaím níos mó earraí ná mar a bhíonn ar an liosta. 

Tuigeann sibh féin an chraic, a léitheoirí. Feiceann tú rud. Níl tú cinnte an bhfuil ceann sa bhaile agat. Ceannaíonn tú an diabhal rud, agus tugann tú leat abhaile é, ar fhaitíos na bhfaitíos. Sin mar a bhíonn mise, pé scéal é. 

Ó am go chéile, feicim, ahem, buidéal fíona, agus cuirim isteach sa tralaí é, ar fhaitíos na bhfaitíos go dtiocfadh cuairteoir chun tí, am éigin, an dtuigeann sibh, agus nach mbeadh buidéal istigh agam. Nó, ar fhaitíos go mbeinn ag iarraidh dul ar an drabhlás deoch a bheith agam, oíche éigin, an dtuigeann tú. 

Níl dochar ar bith sa mhéid sin, ar ndóigh, ach is léir nach n-aontaíonn an dlí le mo dhúil. Roimh 10:30 r.n., ar aon nós. 

Ar na maidineacha neamhairdiúla siopadóireachta sin, is cuma cé chomh deas is a bhíonn an freastalaí san ollmhargadh ag an gcuntar íocaíochta, bím náirithe, nuair a chuirtear an buidéal go leataobh. 

Maidin inné, bhí mé san ollmhargadh, agus cé nach raibh alcól le ceannach agam féin, bhí díomá orm nuair a chuala mé an freastalaí ag rá le turasóir nach raibh cead aici alcól a dhíol leis 'until after 10:30 a.m.' 

Ní hé sin an chéad uair a chuala mé turasóirí á ndiúltú ar an gcaoi seo agus, leis an bhfírinne a rá, cuireann sé as dom, mar nach dtuigim féin, ná na turasóirí, fáth na rialach. Ní bhíonn sé éasca ar an bhfreastalaí bocht ach an oiread. Cuirtear moill agus mearbhall ar dhaoine, gan trácht ar náire.


Léigh mé an méid a bhí le rá ar an leathanach 'Faisnéis do Shaoránaigh' maidir le 'Alcól agus an dlí' ach an bhfuil aon duine in ann insint domsa cén fáth a bhfuil dlí ann nach ligeann do dhaoine fásta ciallmhara cúramacha alcól a cheannach, sa tír seo, roimh 10:30 aon mhaidin ó Luan go Satharn, nó níos déanaí arís maidin Dé Domhnaigh?

                                           *******

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Dá mhéad an t-ól is amhlaidh is mó an tart. (Ól)

Tart i ndiaidh an óil agus brón i ndiaidh an airgid. (Ól)

An dá ghalar gan náire, grá is tart. (Náire)

Galar gan náire an tart, ach dá mbuailfeadh an tochas tú bhí tú thart(Náire)

2 comments:

Unknown said...

Ar fheabhas ar fad! Níos mó le do thoil.....

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Rob!