Tuesday, November 21, 2017

Goineadóir

Fadó, fadó, fadó, nuair a thosaigh mo pháistí ag foghlaim cén chaoi le carr a thiomáint, is é an moladh a thug mé dóibh, maidir leis an gcarr faoina gcúram, 

'Samhlaigh gur gunna atá faoi do chúram agat, bí cúramach leis, agus ná leag aon duine le do mhíchúram.'

Nuair a léigh mé faoi The Social Online Self-Regulation Theory, ar maidin, chuimhnigh mé ar an gcomhairle sin a tugadh, théis an líne seo thíos a léamh,

'“It seems to us that Facebook is like a knife: it can be used for preparing yummy food or it can be used for hurting a person. ...'

Maidir leis na meáin shóisialta, tá an saol athraithe, go mór, ó thosaigh mise ag blagáil, deich mbliana ó shin. I dtús, ní raibh a'm, mar chuntas, ach mo bhlag, agus bhí cuntas amháin ríomhphoist agam, le eircom, mar a tugadh ar an gcomhlacht an t-am sin. Ní raibh fón pócaí coitianta, fiú.  

Ag an am sin, ní raibh Wifi le fáil sa tír seo, go bhfios dom, agus ní raibh trácht ar YouTube, Twitter, Facebook, Instagram, Snapchat agus araile; i saol an scríbhneora seo, pé scéal é.  Níor tháinig Gmail ar an bhfód go dtí 2014, cé go raibh Google ann, ach bhí tús curtha le ré na teicneolaíochta, agus thosaigh chuile dhuine ag snámh sa linn sin, idir óg agus aosta. 

Chuir ré na teicneolaíochta go mór le mo shaol, mar scríbhneoir. Ar líne, sa lá atá inniu ann, tá fáil agam ar fhoclóirí, ar eolas agus ar, ahem, neamheolas, ar an bpointe. Táim in ann ábhar i nGaeilge a léamh go rialta, rud a chuidigh go mór liom, agus mé ag foghlaim, thar na blianta. 

Mar gheall ar an idirlíon, tá fáil againn ar lucht labhartha agus ar lucht scríofa na Gaeilge, agus ar neart teangacha eile nach í. Mar sin féin, ní hionann 'fáil' a bheith againn ar dhuine, agus 'aithne' a bheith againn ar dhuine, má thuigeann tú leat mé. 

Táim den bharúil nach féidir aithne a chur ar aon duine ar líne, i ndáiríre.  Ní dhéantar chuile bheart de réir briathair, go minic, agus, in amanna, bíonn faitíos roimh, nó díomá faoi, na briathra a bhagraíonn go mbeidh beart dá réir. Tá mí-úsáid forleathan ar líne. 

Ní chaithim mórán ama ar Twitter ná ar Facebook, ach caithim súil rialta ar chuala.mé, mar is ann a thagaim ar na scéalta atá 'i mbéal phobal na Gaeilge'...go raibh céad míle maith agat, Kevin Scannell

Breathnaím ar an nuacht ar Google News agus ar tuairisc.ie, chuile lá, má fhéadaim. Roinnim scéal, más scéal é a tharraingíonn m'aird ina threo, agus más rud go gceapaim go mbeadh suim ag daoine ann. 

Ní hé sin le rá go gcreidim gach a léim. Is iomaí 'Hmmm' a thagann uaim, go háirithe agus na tráchtanna á léamh agam. Ní lia duine ná barúil, agus tá barúil a'msa go bhfuil daoine ar an idirlíon nach réiteoidh, go brách, le haon tuairim ach lena dtuairim féin. 

Le ríomhaire de shaghas ar bith faoinár gcúram againn, tá an baol ann go ngoinfear daoine, ach caithfear bheith cúramach, mar sin féin. Ní féidir an focal scríofa a tharraingt siar. 

Imíonn na daoine, ach fanann na focail.  

No comments: