Tuesday, March 6, 2018

Cormac ag a Cúig

Más mian libh a bheith páirteach, sa lucht éisteachta, ar an gclár Cormac Ag a Cúig, Déardaoin seo chugainn, Lá Idirnáisiúnta na mBan, beidh sé á chraoladh beo ó Theach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, idir 17:00 agus 18:00, an tráthnóna sin, agus níl le déanamh agat, le d'áit a chur in áirithe, ach dul i dteagmháil le Fachtna Ó Drisceoil, léiritheoir an chláir. Tá na sonraí teagmhála le fáil anseo

Níl ach méid áirithe spásanna ar fáil, mar sin mholfainn daoibh an deis a thapú, a chairde, más mian le haon duine agaibh a bheith sa lucht éisteachta, áit a mbeidh mé féin, tá súil agam.

Ar an bpainéal, go bhfios dom, beidh Lisa Nic an Bhreithimh, Niamh Uí Bhriain, Réaltán Ní Leannáin, agus Deirdre Donnelly, agus ar na hábhair a bheas á gcur faoi chaibidil acu beidh an tOchtú Leasú, ciapadh gnéis, difreálach pá srl. 

Is dócha go mbeidh deis ann pointí a thógáil ón lucht éisteachta, mar sin má tá pointe le roinnt agat, mholfainn duit d'ainm a chur ar an liosta! Tá Fachtna ag fanacht go foighneach...

No comments: