Sunday, April 1, 2018

Dul Chun Cinn?


Cé go dtuigim go bhfuil gá le trialacha cliniciúla, le go mbeidh deis ag eolaithe fios níos fearr a bheith acu faoi fheidhmeanna na colainne, is minic díomá orm nuair a chloisim go mbaintear úsáid as ainmhithe sna trialacha.

Níor casadh ainmhí orm, fós, atá in ann a ainm a shíniú ar fhoirm toilithe, ach cá bhfios domsa nach bhfuil trialacha ar bun, áit éigin, leis an gcleas sin a thabhairt chun críche. Más féidir moncaí a thaispeáint ag caitheamh toitíní ar an Big Bang Theory, bhuel, ná cuireadh aon ní ionadh oraibh, a léitheoirí.

Déanann feiceáil fírinne. Caithfear a bheith cúramach.

I láthair na huaire, i ndúchríoch áit éigin, tá trialacha ar bun (le daoine fásta a thuigeann céard iad na fo-iarmhairtí, más fíor) agus tá sé mar aidhm ag na heolaithe, san áit sin nach n-ainmnítear, struchtúr móilíneach an deoirdhuchta a athrú, sa chaoi go mbeidh dathanna ar dheora an duine; rud nach bhfuil, san am i láthair, mar is eol daoibh.

Is éard atá i gceist, dar leis na heolaithe anaithnide, ná go mbeadh dath ar leith ag teacht le sileadh na ndeor, ag brath ar mhothúcháin an té atá ag caoineadh, má thuigeann tú leat mé. Seachas an dath geal gléineach neamhdhaite atá ar dheora anois, bheadh, mar shampla, dath dearg ar dheora an té a bheadh ag caoineadh le teann oilc, dath glas ar dheora an té a bheadh ag caoineadh le teann éada, dath gorm ar dheora an té a bheadh ag caoineadh le teann bróin, agus mar sin de.

Níl na dathanna cinntithe fós, dar ndóigh, agus níl ansin thuas ach mo shamhlaíocht féin maidir leis na dathanna a d’fhéadfaí a bheith in úsáid, ach shamhlóinn, chomh maith céanna, go mbeidh a gcuid tuairimí péacacha peacacha féin ag na heolaithe úd, maidir leis na dathanna is feiliúnaí dóibhsean.

Má éiríonn leo, beidh siad in ann an struchtúr móilíneach nua a ionphlandáil i ndeoirdhucht gach naíonáin nuabheirthe, le go mbeidh a fhios ag tuismitheoirí na naíonán céard atá ag cur as dóibh (ocras, tart, srl), cé nach bhfuilim féin róchinnte cén dath a d’fheilfeadh dá leithéidí ná, fiú, an mbeadh cead na dtuismitheoirí ag teastáil! Réimsí nua dlíthe de dhíth, cheapfainn, dá dtarlódh sé. 

Ach, an rud is suntasaí faoin gcraic seo uilig ná go bhfuil sé mar aidhm acu (má fhaigheann siad cead ó na húdaráis) an TearAway!®, a ionphlandáil i ndeoirdhuchtanna daoine atá páirteach i gcásanna cúirte, le go mbeidh a fhios ag na giúróirí, agus ag an mbreitheamh, ó dheora an fhinné, an í an fhírinne nó bréag atá ag sileadh as a bhéal. Sórt ‘briseann an fhírinne trí shúile an fhinné’ a bheas ann, seans. 

Ní móide go mbeadh gá le móid, sa chás sin. 

Meas tú cén dath a chuirfeadh duine ar ‘white lie,’ a léitheoirí? M'anam, ach tá an focal ‘deargbhréagadóir’ againn i nGaeilge, cheana féin, nach bhfuil? Agus, tá ‘an fhírinne ghlan’ nach bhfuil? Ach, arís ar ais, deirtear go ndéanann feiceáil fírinne, agus caithfear a bheith cúramach.

Cibé scéal é, níl aon óinseach thart a chreidfeadh a leithéidí, ach tá amadáin ann a chreideann gach scéal a léann siad.

Bainigí sult as an lá, a léitheoirí.

No comments: