Wednesday, March 6, 2024

Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram


Chomh luath agus a tháinig an leabhrán eolais chugam, thosaigh mé á léamh agus ag iarraidh ciall a bhaint as an méid a bhí scríofa ann. Tá focail ann atá ag tarraingt airde, m'airdse san áireamh, focail ar nós 'cóngais bhuanfasacha' agus 'ag dréim le tacú,' mar shampla - céard go baileach atá i gceist leis na focail sin?

Ó fuair mé an leabhrán eolais táim ag léamh alt ar an ábhar, agus ag éisteacht le podchraoltaí ar an ábhar. Tá an dá thaobh cloiste agam. Tá an-mheas agam ar chuid de na daoine atá ag vótáil 'Tá' agus tá an méid céanna measa agam ar chuid de na daoine atá ag vótáil 'Níl.' Tá iarracht déanta agam tuiscint a fháil ar na fáthanna atá acu lena gcinneadh agus fáthanna a n-amhras a thuiscint, ach m'amhras fhéin a chur san áireamh ag an am céanna. 

Táim den bharúil go bhfuil tuiscint níos fearr agam ar an dá thaobh den scéal anois. Ceapaim. Tá nithe san fhoclaíocht nach dtaitníonn liomsa ná le go leor den lucht 'Níl,' agus tá nithe san fhoclaíocht a bhfuil gá leo dar liomsa agus dar le go leor den lucht 'Tá.' 

I ndeireadh na dála, tá cinneadh le déanamh againn uilig. Gan aon duine, eagras, páirtí ná urlabhraí a lua, bíodh mé ceart nó mícheart, seo mar a shamhlaím fhéin an scéal ó mo chuid taighde fhéin, 

a. má chreideann tú nach bhfuil a ndóthain déanta nó geallta ag an rialtas sna leasuithe, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Níl.'

b. má chreideann tú go gcaithfear tagairtí a chruthaíonn idirdhealú a bhaint amach, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Tá.'

c. má chreideann tú go gcaithfear an reifreann a rith arís, le foclaíocht a fheileann níos fearr do dhaoine nó don rud ina gcreideann tú fhéin, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Níl.'

d. má chreideann tú go gcaithfear dul sa seans leis na leasuithe, ag súil go bhfeilfidh siad níos fearr don tromlach sa bhfadthéarma, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Tá.'

B'fhéidir go bhfuil an méid sin thuas simplithe an iomarca agam, mar tá a fhios agam go maith go bhfuil i bhfad níos mó i gceist. Má vótálann duine 'Níl,' an féidir a bheith cinnte go mbeidh reifreann eile ann amach anseo a d'fheilfeadh níos fearr, nó an bhfágfar na hAirteagail mar atá siad?  Má vótálann duine 'Tá,' an féidir a bheith cinnte go dtabharfaidh na leasuithe an tacaíocht chuí do chuile saoránach? 

An bhfuair saoránaigh an tacaíocht a tuigeadh le focail ar nós 'coimirce' agus 'féachfaidh an Stát?' An bhfaighidh saoránaigh an tacaíocht a thuigtear le focail ar nós 'coimirce faoi leith' agus 'ag dréim le tacú?' Ar fágadh saoránaigh as an áireamh ón mBunreacht i 1937. An bhfágfar saoránaigh as an áireamh ag na leasuithe nua? 

Tá na ceisteanna chomh casta le hadharc gabhair, agus níl aon fhreagra amháin ann a fheilfidh do chuile cheist. Mar sin fhéin, tá sé tábhachtach vóta a chaitheamh. 

Domsa, tá uileghabhálacht agus comhionannas tábhachtach, agus cé nach féidir chuile dhuine a chosaint le mo vóta, táim den bharúil gur fágadh go leor saoránach as an áireamh san fhoclaíocht a bhí sna hAirteagail thuasluaite roimhe seo, agus go dtabharfaidh na leasuithe níos mó aitheantais do shaoránaigh na linne seo. 

Fiú mura féidir brath go huile agus go hiomlán ar an fhoclaíocht nua, feictear dom go bhfuil na leasuithe níos ionchuimsithí do shochaí ár linne. Bíodh mé ceart nó mícheart, tá mo chinneadh déanta agam. Ar an 8 Márta, beidh mé ag vótáil,

Sunday, March 3, 2024

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2019-2023

Chuile bhliain, ag Oireachtas na Samhna, tagann filí le chéile ag an gCúirt Filíochta agus cloiseann muid a ndánta nó, ó am go chéile, cloistear amhrán nó dhó. Anois is arís, léann daoine dánta ó fhilí eile, filí nach féidir a bheith linn ar an lá ar fáth amháin nó ar fáth eile. 

Bíonn Proinsias Mac a'Bhaird (An Sirriam Gníomhach, agus an fear a chuir tús leis an ócáid an chéad lá riamh), Bríd Ní Mhóráin agus mé fhéin (na mná tí) fíorbhuíoch de na rannpháirtithe uilig, de lucht an Oireachtais agus de na hurraitheoirí as a gcuid tacaíochta, go háirithe Foras na Gaeilge a chuidíonn linn chuile bhliain - murach iad uilig ní bheadh an Chúirt Filíochta ag leanúint ar aghaidh mar atá, agus ag dul ó neart go neart chuile bhliain ón mbliain 2010. 

Sna blianta 2020 agus 2021, is go fíorúil a chualamar uaidh na filí éagsúla, agus tá na físeáin iontacha a chuir Proinsias le chéile fós le feiceáil ar shuíomh YouTube an Oireachtais  anseo (2020) agus anseo (2021). Tugadh Joe Steve Ó Neachtain agus Betsy Ní Shuibhne, scríbhneoirí a bhíodh linn ag an gCúirt Filíochta, chun cuimhne sna físeáin sin. Suaimhneas síoraí dá n-anamacha. Airíonn muid uainn iad.  

Is féidir tuilleadh a léamh faoin gCúirt Filíochta (2010-2018) anseo, ach is mar a leanas a tháinig na filí le chéile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, ón mbliain 2019 ar aghaidh:

2019

Sylvia Bledow, Seán Ó Muireagáin, Áine Ní Ghlinn, Celia de Fréine, Máire Burns, Máire Ní Bhriain, Bríd Ní Mhóráin, Proinsias Mac a'Bhaird, Alan Titley, Tadhg Mac Dhonnagáin, Ciara Ní É, Máire Ní Oibicín Uí Eidhin, Matt Ó Maonaigh, Paddy Mhéime Ó Súilleabháin, Micheál Ó Ruairc, Bríd Ní Choistealbha.

2020 - go fíorúil

Dairéna Ní Chinnéide, Máire Dinny Wren (léite ag Suzanne Ní Ghallchóir), Labhrás Ó Finneadha, Áine Ní Ghlinn, Gearóidín Nic Carthaigh, Pádraig B. Ó Laighin, Bríd Ní Mhóráin, Micheál Ó Ruairc, Róisín Sheehy, Paddy Bushe, Sylvia Bledow, Gabriel Rosenstock, Stiofán Ó Briain, Aedín Ní Ghadhra, Mícheál Ó hUanacháin, Áine Durkin, Matt Ó Maonaigh, Colette Ní Ghallchóir, Seán Ó Muireagáin, Ciara Ní. É, Pádhraic Ó Finneadha, Máire Ní Bhriain, Proinsias Mac a'Bhaird, Celia de Fréine, Nuala Reilly, Eoin McEvoy, Sam Ó Fearraigh, Philip Cummings, agus dán le Joe Steve Ó Neachtain (léite ag Áine Durkin) ina chuimhne.

2021 - go fíorúil

Áine Durkin, Eoin McEvoy, Róisín Sheehy, Philip Cummings, Áine Ní Ghlinn, Paddy Bushe, Oisín Seoighe, Bríd Ní Mhóráin, Ciara Ní É, Proinsias Mac a'Bhaird, Pádraic Ó Finneadha, Máire Ní Bhriain, Sylvia Bledow, Labhrás Ó Finneadha, Seán Ó Muireagáin, Dúbhán Ó Longáin, Colette Ní Ghallchóir, Sam Ó Fearraigh, Hilary Nic Suibhne, Matt Ó Maonaigh, Nuala Reilly, Laoighseach Ní Choistealbha, dánta le Máire Mac an tSaoi ina cuimhne, agus mír in ómós do Bhetsy Ní Shuibhne, freisin. 

2022

Áine Ní Ghlinn, Bríd Ní Mhóráin, Carmel Cummins, Ceaití Ní Bheildiúin, Áine Durkin, Labhrás Ó Finneadha, Máire Ní Bhriain, Matt Ó Maonaigh, Mícheál Ó hUanacháin, Proinsias Mac a'Bhaird, Seán Ó Muireagáin, Stiofán Ó Briain, Dubhán Ó Longáin, Ciara Ní É, Pádraig Ó Laighin, Conchubhar Ó Liatháin, Christina Warner, Róisín Sheehy, Réaltán Ní Leannáin, Máirín Mhic Lochlainn, Máire Ní Laoire, Seán Ó Fearghail, dán uaidh Alan Titley (léite ag Áine Durkin agus Bríd Ní Mhóráin).

2023

Áine Ní Ghlinn, Mícheál Ó hUanacháin, Ceaití Ní Bheildiúin, Máire Ní Bhriain, Eoin McEvoy, Máire Ní Laoire, Matt Ó Maonaigh, Sylvia Bledow, Proinsias Mac a'Bhaird, Celia de Fréine, Stiofán Ó Briain, Pádraig Mac Fhearghusa, Bríd Ní Mhóráin, Dairéna Ní Chinnéide, Micheál Ó Conghaile, Cathal Póirtéir, Amy Ní Chumaing, Máirín Mhic Lochlainn, Niamh Nic Lochlainn, Aoife Nic Dhonncha, Áine Moynihan, Rhys Iorwert (Cymru), Alasdair (Alba), Seána (Alba), Riáin (amhránaí), agus dán uaidh Art Ó Maolfabhail (léite ag Pádraig Mac Fhearghusa)

Grianghraif